Jump to content

Capel Gwynfe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCapel Gwynfe

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51° 54′ N, 3° 54′ O / 51.9°N,3.9°W / 51.9; -3.9
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta Aontaithean Bhreatain Bheag
Contaebhuirg na Breataine BigeSir Gaerfyrddin Cuir in eagar ar Wikidata

Sráidbhaile beag i bpobal Llangadog, Sir Gaerfyrddin, sa Bhreatain Bheag is ea Capel Gwynfe [1][2]Gwynfe Fuaim Fuaimniú . Tá sé suite i ngleann in oirdheisceart an chontae, idir Trichrug agus fánaí thiar an tSléibhe Dhuibh, siar ón bhóthar an A4069, timpeall leath bealaigh idir Brynaman ó dheas agus Llangadog ó thuaidh. Tá an ceantar ina chuid den pháirc náisiúnta Parc Cenedlaethol Bannau Brycheiniog.

Daoine cáiliúla

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Beriah Gwynfe Evans (1848–1927). Chaith an scríbhneoir agus gníomhaí polaitíochta seo cuid mhór dá shaol i nGwynfe, agus ghlac sé ainm an tsráidbhaile mar lárainm dó féin. Ceapadh é ina mháistir scoile ar scoil an tsráidbhaile ó 1867 go 1882, agus John Williams ina dhiaidh sin ó 1882 go 1909.
  • Sir John Williams. Rugadh an bailitheoir lámhscríbhinní Breatnaise, bronntóir mór Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige nuair a bunaíodh í, i dteach feirme Beili, ag Gwynfe sa bhliain 1840, agus tógadh i Blaenllynant é. Ba é an dochtúir breithe den teaghlach ríoga, lena n-áirítear breitheanna dhá rí amach anseo, Éadbhard VII agus Seoirse VI. Bhí sé ina Uachtarán ar Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige ó bunaíodh í i 1907, agus freisin ar Choláiste Ollscoile na Breataine Bige, Aberystwyth ó 1913 go dtí a bhás i 1926.
  • Sa sráidbhaile a rugadh triúr de na misinéirí is cáiliúla sa Bhreatain Bheag sa 19ú haois, William Griffith, David Williams agus David Griffiths (Madagascar; 1792-1863). D’aistrigh David Griffiths agus David Jones an Bíobla go dtí an Mhalagáisis, agus ba é David Griffiths, a bhunaigh teanga scríofa na Malagáise; tá a uaigh i gCeapal y graig, Machynlleth..
  • Aneirin Talfan Davies, Roaming Carmarthenshire (Wreck Books, 1955; eagrán nua, 1970)
  1. Llywodraeth Cymru.https://llyw.cymru/rhestr-o-enwau-lleoedd-safonol-cymru
  2. British Place Names; Dáta rochtana 10 Feabhra 2022