Canghiotán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AonadCanghiotán
Bloch sphere.svg
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálunit of information (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aonad dequantum information (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Canghiotán

An bhuneilimint eolais i ríomhaireacht chandamach, giorrú ar giotán candamach. I ngnáthríomhaireacht is é an giotán an bhuneilimint eolais, le luach 0 nó 1. I ríomhaireacht chandamach códaítear an t-eolas in dhá staid freisin, ach sa chóras candamach ní bhíonn an t-eolas teorannaithe do staid amháin nó an staid eile: is féidir leis a bheith sa dá staid ag an am céanna. Is é a bhíonn i gcanghiotán ná forshuíomh dhá staid chandamacha, staid 0 is staid 1. Nuair a léitear canghiotán, léitear dóchúlacht áirithe go bhfaighfear staid 0 is dóchúlacht áirithe eile go bhfaighfear staid 1, agus milltear carachtar speisialta an changhiotáin sa phróiseas.