Ríomhaireacht chandamach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Próiseálaí candamach

Is éard is ríomhaireacht chandamach ann ná feidhm a bhaint as feiniméin meicnic-chandamacha amhail forshuíomh agus fostú i gcóras ríomhaireachta. Tugtar ríomhaire candamach ar ríomhaire a dhéanann ríomhanna candamacha. Creidtear go bhfuil ríomhairí candamacha in acmhainn fadhbanna ríomhaireachtúla a réiteach i bhfad níos gasta ná ríomhairí clasaiceacha. Mar shampla, an fachtóiriú slánuimhreach atá ina chnámh droma don chripteachóras siúd criptiú RSA. Tá staidéar na ríomhaireachta candamaí ina foréimse d'eolaíocht na faisnéise candamaí.

Tá fréamhacha na ríomhaireachta candamaí le fáil i meaisín Turing na bliana 1935.[1] Thóg an fisiceoir Paul Benioff an chéad chéim eile ag tús na 1980idí nuair a mhol sé leagan meicnic-chandamach de mheaisín Turing. Ina dhiaidh sin, dhearbhaigh Richard Feynman agus Yuri Manin go mbeadh sé de chumas ag ríomhaire candamach rudaí a ionsamhlú nach mbeadh indéanta ag ríomhaire clasaiceach ariamh.[2]

Is é an candamghiotán (giotán candamach) an bun-aonad eolais, cosúil leis an ngiotán sa ríomhaireacht clasaiceach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]