Calcalas suimeálach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rialacha matamaiticiúla, a shainmhínitear go minic mar inbhéartú na difreála, ach a forbraíodh iontu féin ag an matamaiticeoir Gearmánach Bernhardt Riemann (1826-1866) is matamaiticeoirí eile. Úsáidtear é chun an fhairsinge faoi chuar a dhéanamh amach. Má sheasann f(x) don chuar, roinntear an fhairsinge idir an fheidhm f(x) is an x-ais ina n stiall dhronuilleogach, gach ceann ar an leithead céanna. De réir mar a théann n i méid, téann suim fhairsinge na ndronuilleog níos gaire don fhairsinge faoin gcuar, is é sin an tsuimeáil idir luachanna ar leith x. Rinne an matamaiticeaoir Francach Henri Lebesgue (1875-1941) forbairtí ar theoiric Riemann a d'éascaigh cuid mhaith feidhmeanna nua-aoiseacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Calcalas suimeálach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 110.