Calabrú
Cuma
Fíorú is ceartú scála tomhais trí chomparáid le scála aitheanta caighdeánach, nó turgnaimh. Mar shampla, is féidir scála teirmiméadair a sheiceáil tríd an teirmiméadar a chur i gcoinníollacha caighdeánacha, cosúil le leáphointe oighir (uisce), 0 °C, is fiuchphointe uisce, 100 °C. Úsáidtear an téarma céanna nuair a chuirtear na pointí tomhais ar scála bán. Próiseas bunúsach don eolaíocht chun gur féidir tomhais chruinne iontaofa a dhéanamh.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Calabrú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 109.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |