Caitlín Ní Thoirbheird
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Bealtaine 1891 Mainistir na Búille, Éire |
Bás | 24 Iúil 1969 78 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Gníomhaí de chuid Chonradh na Gaeilge agus múinteoir Gaeilge ab ea Caitlín Ní Thoirbheird (5 Bealtaine 1891 – 24 Iúil 1969).
Rugadh Ní Thoirbheird i Mainistir na Búille, Contae Ros Comáin, sa bhliain 1891. Ba iad James Turbitt, déantóir cóitsí, agus Mary Gahan a tuismitheoirí. Bhí sí ar dhuine de sheachtar leanaí a d'fhan beo. Thugadh an teaghlach Cassie uirthi agus ba í féin agus a deirfiúr Áine amháin a labhair Gaeilge. D’oibrigh Ní Thoirbheird mar mhúinteoir taistil sa Lorgain, i Móinteach Mílic, agus sa cheantar máguaird sa bhliain 1915.[1][2][3][4]
D’oibrigh Ní Thoirbheird do Chonradh na Gaeilge. Ceapadh í ina heagraí cúnta i Ros Comáin i 1918 agus ansin ina rúnaí contae i 1920. Ceapadh í freisin ina múinteoir taistil do Chomhairle Contae Ros Comáin ó 1923, ach lean sí ag obair do Chonradh na Gaeilge. Bhí sí fostaithe go lánaimseartha mar mhúinteoir Gaeilge ag Coiste Gairmoideachais Chontae Ros Comáin. Chuaigh Ní Thoirbheird ar scor ar 30 Meitheamh 1957. Fuair sí bás i 1969, agus cuireadh i Reilig Assylin í.[1][3][4][5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 “NÍ THOIRBHEIRD, Caitlín (1891–1969)” (ga). ainm.ie.
- ↑ “National Archives: Census of Ireland 1911”. www.census.nationalarchives.ie.
- ↑ 3.0 3.1 Thorne (September 2005). "They Put the Flag A-flyin': The Roscommon Volunteers, 1916-1923" (in en). Generation Organization. ISBN 978-0-9633565-3-6.
- ↑ 4.0 4.1 “Caitlín Ní Thoirbheaird 1891”. irelandxo.com.
- ↑ "The Irish standard. (Minneapolis, Minn. ; St. Paul, Minn.), 1918-01-12".