Caitilín Dubh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCaitilín Dubh
Beathaisnéis
Breith1600
Bás1650
49/50 bliana d'aois
Áit chónaitheTuamhain
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1624 –
TeangachaAn Ghaeilge

File ab ea Caitilín Dubh (fl. 1624-1629) agus rian na hoiliúna ar a saothar. Ní fios cén sloinne a bhí uirthi ach b’fhéidir gur bhean de Bhrianach í.

Caisleán de chuid na mBrianach ar bhruach Loch Inse Uí Chuinn

Is léir go raibh caidreamh aici ar na huaisle a luann sí. Chaoin sí Donnchadh Ó Briain, 4ú hIarla Thuamhumhan (a fuair bás in 1624); a dheirfiúrsan Máire; Toirealach Rua Mac Mathúna (fear céile Mháire, a fuair bás in 1629); Diarmaid Ó Briain, Barún Inse Uí Chuinn a fuair bás in 1624. Scríobh sí filíocht aiceanta a raibh rian fhilíocht na scoileanna le haithint uirthi.

Protastúnach ab ea Donnchadh Ó Briain. Fuair sé oiliúint i gcúirt Eilís I agus d’fhan sé dílis don Choróin, é ag troid le hAodh Ó Néill agus é gualainn ar ghualainn le Mountjoy ag Cionn tSáile. Ach ní chuireann Caitilín Dubh in iúl go mothaíonn sí deighilt mhór a bheith ann idir Gall agus Gael in Éirinn. Tá tocht de shaghas eile le fáil sa dán a chaoineann Diarmaid Ó Briain, an Barún, agus a bhfuil sliocht as le léamh thíos.

Tá clú na draíochta uirthi sa bhéaloideas in iarthar Chontae an Chláir agus í ag dul i ngleic le mná sí na Mumhan. Deirtear gur bhean feasa a hiníon Caitilín Óg freisin.

Sliocht as caoineadh a rinneadh do Dhiarmaid Ó Briain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gach cléireach dá léaghadh an Bíobla
ní léir dho éinlitir síos de,
ó t’éagsa chlaonadar fiodhbha
ní réabaid éisc shrotha a líonta.
Ní léimeann réidhdhamh tar slighe amach
ní fhéadann cú béalfhada síneadh air,
ní éirghid na réalta san oidhche
táid spéarthaibh an aedhair ar aoinchrith
ó th’éagsa a lámh dhéanta na ndaonnacht
nár ob éigse fá spréidh do shíneadh
nach tug méinn do shéadaibh saoghalta
ná fuath chéile a dhéanamh ar aoinneach,
acht searc don mhaith is ceas re cinnteacht,
nár char bean tar cheart a caoimhthigh
nár ghlac breab ar bhreath do chlaonadh
nár bhain don lag ceart a shinnsear...

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainm.ie: Caitilín Dubh (fl. 1624-1629): https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=2134

Máirín Ní Dhonnchadha (eag.), "Courts and Coteries II," in Bourke, Angela (eag.) (2002). The Field Day Anthology of Irish Writing, Volume 4. NYU Press, lgh 399-405.