Caisleán Ghriaire (úrscéal)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharCaisleán Ghriaire
Cineálleabhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Foilseachán2011 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéal rómánsúil stairiúil Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Mícheál Ó Ruairc é Caisleán Ghriaire, bunaithe ar na blianta idir 1563 agus 1601 le linn thréimhse phlandáil na Mumhan. Ag an am sin bhí taoiseach darb ainm Griaire de hÓra ann mar a luadh sa bhéaloideas, a raibh a mhac Aodh Dubh aige thit sé i ngrá le hEibhlín de Mórdha agus phós siad i gcoinne toil a dtuismitheoirí. Ar an drochuair, bhícríoch traigóideach leis an scéal.

Is don bhfoghlaimeoir fásta go príomhá atá an t-úrscéal seo dírithe agus é scríofa o nGaeilge shimolí, dhúchasach, nádúrtha. Sin ráite, is féidir idir óg agus aosta taitneamh agus tairbhe a bhaint as an scéal.

Scéal grá éagmaise den scoth atá anseo agus cé go bhfuil se tragóideach agus míshona, fós féin faightear léargas iontach ann ar shaol na hÉireann sa thréimhse shuaite sin i stair na tíre agus ar na hathraithe cultúrtha agus teanga a d'eascair aisti.

Is ó Bhréanainn sa Leitriúch don údar ó dhúchas. Aithne fhorleathan air mar fhile, mar scríbhneoir prois, mar léirmheastóir, mar cholúnaí conspóideach agus mar shaineolaí ar an nGhaeilge sa chóras oideachais ag an dara leibhéal.