Túrtheach i gContae an Chláir, Éire is ea Caisleán Bhaile Uí Mharcacháin. Liostáil an t-ársaitheoir Éireannach T. J. Westropp é mar cheann de na 195 “caisleán beag”, nó túir shonnaigh, i gContae an Chláir sa bhliain 1899, agus faoin am sin bhí sé ina fhothrach cheana féin.[1] Luadh é mar fhothrach i Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis ag Sheán Uí Dhonnabháin agus Eoghan Ó Comhraí in 1839.[2] Tá sé marcáilte ar léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis de 1842.[3] Sa gcúigiú haois déag a tógadh an caisleán, tamall i ndiaidh thógáil Mhainistir Chuinche, agus ba iad muintir Mhic Conmara a thóg roinnt caisleán sa cheantar, Caisleán na Cnapóige san áireamh, atá suite in aice láimhe.[4] Dar le Westropp, tógadh é sa bhliain 1430 ag "Donall, mac Séan an Gabhaltais".[5]