Caisleán Bhaile Hac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Bhaile Hac
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán agus túrtheach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Loch Garman, Éire
Map
 52°14′45″N 6°58′03″W / 52.245936°N 6.967427°W / 52.245936; -6.967427
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir516

Caisleán Bhaile Hac suite ar ghleann géarshleasach os cionn Inbhear Phort Láirge. Ceaptar gurb iad Spidiléirí Naomh Eoin, ceann den dá ord mhíleata a bunaíodh in aimsir na gCrosáidí, a thóg an túrtheach daingean seo thart ar an mbliain 1450.

Tá an túr cúig stór ar airde agus tá sé ina sheasamh suas chomh fada leis an tsiúlóid bhalla. Tá séipéal beag tógtha sa bhalla thoir thuaidh, ina bhfuil linn ionnalta, almóir agus altóir. Tá an bealach isteach sa bhalla thiar á chosaint ag poll teilgthe agus ag poll an uafáis – is é sin oscailt trína bhféadfadh na cosantóirí clocha nó uisce fiuchta, gainimh te nó ola ar fiuchadh a chaitheamh anuas ar dhuine ar bith a bheadh sách díchéillí chun an caisleán a ionsaí.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T. Fanning, J. G. Hurst, J. M. Lewis (1975). "A Mid Seventeenth-Century Pottery Group and Other Objects from Ballyhack Castle, Co. Wexford". Proceedings of the Royal Irish Academy. Section C: Archaeology, Celtic Studies, History, Linguistics, Literature 75: 103–118. ISSN 0035-8991.