Ráth Chrois Uaithne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó CIIC 50)
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ráth Chrois Uaithne
Sonraí
CineálSuíomh seandálaíochta
Map
 52°56′39″N 6°36′50″W / 52.944203°N 6.613941°W / 52.944203; -6.613941

Séadchomhartha Náisiúnta (418) is ea Ráth Chrois Uaithne, le cloch Oghaim in aice láimhe, suite i gContae Chill Mhantáin, Éire.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Ráth Chrois Uaithne suite i Buaile an Charraigín ar fána thoir theas de Chill Rannaileach sna Sléibhte Chill Mhantáin, gar de dhá fo-abha Na Sláine, agus 6.5 km ó shoir de Bhealach Conglais, ag 52°56′39″N 6°36′51″W / 52.944262°N 6.614062°W / 52.944262; -6.614062.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is clós fairsing é Ráth Chros Uaithne, le tomhas 65m trasna, agus achar 0.41 ha. Tá sé suite ar fána oirdheisceart de Chnoc Chill Rannaileach, dídean ón aimsir tugtha dó ó thuaidh agus ó thiar ag an gcnoc féin, ó thuaidh ag Spinans Hill níos airde, agus ó thoir ag sliabh Chéidín níos airde.

Creidtear gurbh áitreabh é Ráth Chros Uaithne de roinnt phearsana (leath)stairiúil den chéad mhíle bliain AD:

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cruth ciorclach Ráth Chros Uaithne, a bheag nó a mhór, le banc cré agus cloch, agus móta seachtrach, mar teorainn, le banc ón taobh amuigh theas. Feictear dúshraith dhá fhoirgneamh laistigh de.[1]

Cloch Oghaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chloch Oghaim (CIIC 50) suite laistigh den ráth agus deirtear go dtéann sí siar go dtí AD 400–500. Léitear an inscríbhinn

᚛ᚃᚑᚈᚔ᚜
VOTI nó FOTI
b'fhéidir an tuiseal ginideach d'ainm pearsanta Votas, nó b'fhéidir gaolmhar le foth[2] (“dlí, ceart”) nó fotha[3] (“bonn, bunsraith"). [4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]