Uaimh agus Clocha Oghaim Dhrom Lócháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó CIIC 272)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachUaimh agus Clocha Oghaim Dhrom Lócháin
CineálSuíomh seandálaíochta agus Ogham Site (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Phort Láirge, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52°09′46″N 7°27′54″W / 52.162846°N 7.464882°W / 52.162846; -7.464882

Séadchomhartha Náisiúnta (154) is ea Uaimh agus Clocha Oghaim Dhrom Lócháin, aitheanta sa cheantar mar An Uaimh Oghaim, suite i gContae Phort Láirge, Éire.[1][2][3]

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Drom Locháin suite ar talamh feirme 4 km soir ó Léim Uí Bhriain, An tSráidbhaile,[4] ag 52°09′46″N 7°27′54″W / 52.162846°N 7.464882°W / 52.162846; -7.464882

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Greanadh na clocha Oghaim idir AD 400 agus 700.[5]

Creidtear gur tógadh an uaimh thalún tuairim is an 9ú haois. Cuireadh ar líne thiar thiar theas í, a haghaidh ón ngréin ag dul faoi setting sun.[6][7]

Sa mhí Iúil 1867, ath-aimsigh feirmeoir an cheantair an suíomh. Sa bhliain 1936, baineadh cuid den uaimh anuas agus cuireadh suas roinnt desna clocha Oghaim os cionn talún.[8]

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uaimh thalún[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gailearaí na huaimhe 4.9 m ar fad agus and 1.3 m ar leithead, le hairde dín thuas go 1.2 m.[9] Foirgnítear í le liaga seasta, agus cuireadh deich gcloch Oghaim ann mar lindéir agus taobhchlocha, roinnt díobh crochta bun os cionn.[10] Feictear cuasghreantaí ar cheann desna díonchlocha.[11]

Clocha Oghaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tomhais éagsúla ag na clocha (CIIC 272–281). Déanta as greenschist atá seacht díobh, dhá as slinne agus ceann amháin as comhcheirtleán. Léitear na hinscríbhinní:

  1. CIIC 272
    MANU MAGUNO GATI MOCOI MACORBO
    Manu mhaicín Gáeth chlainne Macorbo[12]
    b'fhéidir an Dál Maic-Cuirp de Dhéise na Mumhan
  2. CIIC 273
    CALUNOVIC[A] MAQI MUCOI LIT[EN]Ị
    Culainn mhic chlainne Litenos[13]
  3. CIIC 274
    MAQI-INI ̣ ̣ ? ̣ ̣ MAQI(?) QE(?)]TTEAS
    mhic Ini? mhic Qetteas
  4. CIIC 275
    CUNALEGEA MAQI C[ ... ]SALAR CELI AVI QVECI
    Conlaoi mhic C...salar céile uí Cuach
  5. CIIC 276
    BIGU MAQI LAG...
    Bigu mhic Lag...
  6. CIIC 277
    BIR MAQI MUCOI ROTTAIS
    Bir mhic chlainne Rottis
    ag lua na Rothrige, fo- threibh na nDéisí
  7. CIIC 278
    [ ... ] MAQI NE[TACUN]AS
    ... mhic Netacunas (nia cú)
  8. CIIC 279
    DENAVEC[A MU]COI MEDALO
    Denaveca chlainne Medalo
    b'fhéidir Dál Mo Dala
  9. CIIC 280
    BRO[INION]AS
    Broinionas
  10. CIIC 281
    DEAGOS MAQI MUCO[I ... NAI
    Deagos mhic chlainne ...nai[14][15]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]