Cúpla ceangailte
Appearance
Locht sa bhfás sutheolaíochta ina mbeirtear cúpla comhionann agus iad ceangailte le chéile go fisiciúil. Féadfaidh an mhíchuma a bheith chomh beag le sreang imleacánach amháin a bheith roinnte le chéile, nó chomh casta leis na cinn nó na stoic a bheith nasctha le chéile ionas nach féidir iad a scaradh. Tugtar cúpla Siamach ar a leithéid freisin, as an gcéad chúpla den saghas a aithníodh san aois seo, Chang is Eng (1811-1874) a rugadh i Siam (Téalainn an lae inniu).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cúpla ceangailte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 195.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |