Cúl na Béinn
Cineál | saothar ceoil |
---|---|
Is amhrán traidisiúnta é Cúl na Béinn. Baineann sé le hOileán Acla.[1] Chum fear darbh ainm Mac Siúrtáin an t-amhrán timpeall na bliana 1800.
An t-amhrán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dá mbeinn féin i Mám a’ Ghártha,
Dúch is páipéar bheith agam ann,
Ba dheas do scríobhfainn i ndubh is i mbán é,
An moladh álainn a bhí ar an ghleann.
‘Sé a d’iarrfainn d’impí ar Rí na nGrásta,
Intleacht Hómair a bheith in mo cheann,
Is gur lena mhaitheas ba mhian liom trácht air,
Ach faraor gear go bhfuil m’intleacht fann.
‘Sé dúirt fear as Acaill liom, “Ná bíodh ort buaireamh, Ná bí ag gol is ag éagaoin i ndiaidh Chúil na Béinn, Bhéarfainn bean duit is dhá chéad bó léi, Is acra móinéir in aghaidh gach cinn. Bád is eangacha is beam in éineacht, Is bhéarfam éadáil isteach ón tuinn, Is sílim féin gur fearr an méid sin, Ná a bheith ag gol is ag éagaoin i ndiaidh Chúil na Béinn.”
Dá dtabharfá bean is dhá chéad bó léi,
Acra móinéir in aghaidh gach cinn,
A bhfuil de bháid is d’eangacha ar feadh Chríoch Fodhla,
Saibhreas Sheoirse agus fáighim é cruinn.
B’fhearr liom acra den bhogach bháite,
Atá idir an Máimín is Inse an Droighin,
Cead rince le cailíní lá saoire ‘s Domhnaigh,
Ag ceantar na mbóithre úd, “Cúl na Béinn”.
Dá mbeadh a fhios ag na crualfhir,
Atá ar thaobh Ghleann Néifinn,
Go bhfuil mise i m’aonrachán is mo luí tinn,
Gan spas ar bith chuirfí faoi mo dhéin-sa eachra gléigeala is cóiste cinn.
Ghléasfaí bainis, flea ‘s féasta,
Siamsa ‘s pléisiúr is togha gach ceoil,
Bheadh dhá chéad fear again ar meisce in éineacht,
I dteach Tom Daly le fíon ‘s le beoir.
Tá litir scríofa agam anois faoi sheoladh, A chuireas mé amárach go Cúl na Béinn, Go bhfuil mé ‘mo luí le tuilleadh is ráithe, Buartha cráite le tinneas cinn. Ach mar bhfaighe mé fóirithint ó Rí na nGrásta, Is bheith in mo shláinte arís mar is coir, Gléastar tuama ‘s cónra clár dhom, Go síntear amárach mé ag bun Shliabh Mór.
Tá na coillte dlúth ann ar thaobh Gleann Néifinn, Is an duilliúrchraobh ghlas ag sileadh síos, Tá an chuach ‘s an traonach ar bharr na gcraobh ann, Ag seinm go headroom gach lá ‘s oíche. Tá na daoine uaisle ar bharr an tsléibhe ann, Ag déanamh eirligh ar chearca fraoigh, Tá an bradán broinngheal ag tíocht ón tsáile ann, Ag fearaibh Éireann le fail gan pighin.
Tá an loch is sáimhe ann dá bhfuil in Éirinn, Tá na báid ag éirí air ó thuinn go tuinn, ‘S don té a chleacht iad is atá anois dhá n-éamuis, Nach beag an dochar dó a chroí a bheith tinn? Ach más é seo an cúrsa a gheall Dia dhomsa, Mé bheith faoi chumhaidh nó go liathfaidh mo cheann, Mo chúig chéad slán leat, a Bhoth a’ Dúin. Is do na coillte dlútha údagh Chúl na Béinn.
Ní chainfead Acaill cé gur maith liom ‘fháfáil, Is maith an áit é ag stráinséaraí, Tá bia is leabaidh ann ‘s mile fáilte, Is comhrá geanúil ann ag fear is ag mnaoi. Ach mar iasc na farraige thigeas lena nádúr, In éis a dtéarma amach siar faoin tuinn, ‘Sé ‘fhearacht agam-sa é dhá bhfaighinn an pálás, Go mb’fhearr liom árus beag i gCúl na Béinn.
An té shiúil Sasana is páirt d’Éirinn, Shiúil sé an Ghréig is an Ghearmáin, Chuaigh go hAlbain gur caith sé téarma ann, As sin don Fhrainc is ar ais don Spáinn. D’aithriseoinn scéal duit, dar liom ní bread sin, Shiúil mé Éirinn uilig gan roinn, ‘S ar a bhfaca mé de shiams’ ‘s de phléisiúr, Is ag Malaí Fhéilim nó thoir ag an Toim
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Amhráin Ghaeilge an Iarthair. Micheál Ó Tiománaidhe a chruinnigh. M.H. Gill agus Gaelic League, BÁC, 1906. Le foclóir.