Cúirt Dúiche (Éireann)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Chúirt Dúiche, Inis
An Chúirt Dúiche, Baile Átha Í

Cúirt in Éirinn a bhfuil dlínse áitiúil agus teoranta aici is ea an Chúirt Dúiche.[1] Níl aon údarás aici déileáil le ceisteanna áirithe a thagann chun cinn ina ceantar feidhmiúcháin.

Córas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 23 chúirt dúiche sa tír sa bhliain 2020.[2] Seo an chúirt is mó in Éirinn a éisteann cásanna. Éisteann sí cásanna coiriúla agus sibhialta. Déantar cásanna nach bhfuil chomh tromchúiseach a phlé anseo, cásanna tráchta, ordú poiblí agus a leithéidí.[3]

Cumhachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Chúirt Dúiche, Cill Chainnigh

Bronntar cumhachtaí dlínse na Cúirte uirthi ag reacht. Mar sin, níl cead aici déileáil le haon cheisteanna a thagann taobh amuigh dá sainchuspóir reachtúil.

I gceisteanna sibhialta, tá dlínse ag an gCúirt Dúiche déileáil le héilimh gur mó ná €15,000 an méid a éilítear iontu (agus gur mó ná €2,000 an méid a éilítear i gcásanna éilimh beaga).

I gceisteanna dlí teaghlaigh, tá dlínse ag an gCúirt Dúiche i gceisteanna a bhaineann le cothabháil, caomhnóireacht leanaí nó rochtain orthu agus féadann sí orduithe a dhéanamh i dtaobh foréigin teaghlaigh.

I gceisteanna coiriúla, cúirt dlínse achoimre atá sa Chúirt Dúiche. Déileálann sí le triail neamhghiúiré daoine a gearradh mionchionta orthu.

Tá dlínse ag an gCúirt Dúiche le bannaí a bhronnadh sa chuid is mó de chásanna.

Déileálann an Chúirt Dúiche leis an gcúisí a chur ar aghaidh chun trialach i gcásanna lena mbaineann cionta coiriúla taobh amuigh dá dlínse.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Chúirt Dúiche,, Sligeach

Tá dualgas ar an Stát gach iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil le cás a éisteacht in aon chúirt dúiche sa tír, de réir breithiúnais san Ard-Chúirt sa bhliain 2019.[4]

Tá dualgas reachtúil ó 1924 ar an Stát breithiúna a bhfuil Gaeilge acu a chur ar dualgas go buan i gcúirteanna i ndúichí ina bhfuil ceantar Gaeltachta. Agus chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh go raibh an dualgas sin ann mar cheart teanga faoi Airteagal 8 den Bhunreacht i ngach áit sa tír.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha‎[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Supreme Court of Ireland". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-07-28.
  2. "Category:Courthouses in the Republic of Ireland - Wikimedia Commons" (en). commons.wikimedia.org. Dáta rochtana: 2021-07-29.
  3. cogg.ie (2020). "An dlí in Éirinn". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-29. Dáta rochtana: 2021.
  4. 4.0 4.1 "Ceart teanga faoin mbunreacht é Breitheamh le Gaeilge a fháil – cinneadh Ard-Chúirte" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-29.