Cú Chonnacht Ó Cianáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCú Chonnacht Ó Cianáin
Beathaisnéis
Bás1615
Gníomhaíocht
Gairmúdar, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínTadhg Óg Ó Cianáin

Rannaire nó scéalaí do Ruairí Mag Uidhir ab ea Cú Chonnacht Ó Cianáin (bás 1615).

De réir dealraimh, ba é an chéad fhear a racáladh in Éirinn, nuair a úsáideadh an gléas céasta sin air agus é á cheistiú faoi éirí amach a rinneadh praiseach de i dtús samhradh na bliana 1615. Ar 31 Iúil na bliana sin, daoradh é féin agus cúigear eile chun báis i nDoire, agus creidtear gur crochadh é go luath ina dhiaidh sin.

Déantar cur síos air freisin mar ghíománach ó Mhaigh, áit éigin idir Baile Monaidh agus an Bhanna, Co. Aontroma. Deartháir do Thadhg Óg Ó Cianáin ba ea é.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Learned Family of Ó Cianáin/Keenan, Nollaig Ó Muraíle, in Clougher Record, lgh. 387–436, 2005.
  • Turas na dTaoiseach nUltach as Éirinn from Ráth Maoláin to Rome: Tadhg O Cianáin’s contemporary narrative of the so-called ‘Flight of the Earls, 1607-8, Nollaig Ó Muraíle (eagarthóir), Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2007. ISBN 978-88-901692-1-2