Córas na Bruiséile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stáit a chuireann Córas na Bruiséile i bhfeidhm


Is é atá i gCóras na Bruiséile ná sraith rialacha é Córas na Bruiséile a rialaíonn na cúirteanna a bhfuil dlínse acu i ndíospóidí dlíthiúla de chineál sibhialta nó tráchtála idir daoine aonair a bhfuil cónaí orthu i mballstáit éagsúla an Aontais Eorpaigh (AE) agus Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE). Tá rialacha mionsonraithe aige lena sanntar dlínse chun an díospóid a éisteacht agus lena rialaítear aitheantas agus forghníomhú breithiúnas coigríche.

Ionstraimí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann cúig ionstraim dlí le chéile i gCóras na Bruiséile. Tá na cúig ionstraim dlí cosúil a bheag nó a mhór lena chéile ó thaobh ábhair agus cur i bhfeidhm de, ach tá difríochtaí ina gcríoch feidhme. Bunaíonn siad riail ghinearálta go gcuirfí an dlí ar daoine aonair ina stáit shainchónaithe agus ansin leanann siad ar aghaidh le liosta eisceachtaí a sholáthar. Déantar foráil bhreise sna hionstraimí maidir le breithiúnais a thugtar i dtíortha eile a aithint..

Coinbhinsiún na Bruiséile (1968)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh aithint agus forghníomhú breithiúnas i gcásanna sibhialta agus tráchtála i gcrích ar dtús laistigh de na Comhphobail Eorpacha le Coinbhinsiún na Bruiséile 1968, conradh a shínigh seisear comhalta de na Comhphobail a bhí ann ag an am.[1][2] Leasaíodh an Conradh seo roinnt uaireanta agus cuireadh rialachán a glacadh in 2001, Rialachán na Bruiséile I, ina ionad. Sa lá atá inniu ann níl feidhm ag an gcoinbhinsiún ach amháin idir na 15 Bhallstát roimh 2004 den Aontas Eorpach idir na 15 bhall den Aontas Eorpach a bhí ann roimh 2004 agus críocha áirithe de bhallstáit an AE atá lasmuigh den Aontas: Aruba, críocha thar lear na Fraince agus Mayotte.[3] Tá sé beartaithe go gcuirfear Coinbhinsiún nua Lugano in ionad Choinbhinsiún na Bruiséile, agus go bhféadfaidh Ballstáit an AE a ghníomhaíonn thar ceann críocha neamh-Eorpacha ar leis an mBallstát sin, an Coinbhinsiún sin a dhaingniú.

Coinbhinsiún Lugano (1988)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Convention on jurisdiction and the enforcement of judgments in civil and commercial matters (consolidated)”. Council of the European Union. Dáta rochtana: 2022-09-21.
  2. Convention on jurisdiction and the enforcement of judgments in civil and commercial matters”. Council of the European Union. Dáta rochtana: 2014-11-06.
  3. Advisory opinion of the ECJ on the competence of the Community to conclude the new Lugano Convention (Opinion 1/03, para. 15.)