Cóir teasa
Appearance
Comhpháirt mhiotalach a chur trí thimthriall téite is fuaraithe chun a struchtúr criostalta inmheánach a athrú agus airíonna inmhianaithe fisiciúla is meicniúla a fhorbairt inti. Tagann foirm is ráta na n-athruithe teochta go mór san áireamh. Mar shampla, nuair a mhúchtar cóimhiotal te go tapa (trí é a shá go tapa in uisce nó ola fuar), seans maith go gcoinneofar, cuid mhaith, an struchtúr criostalta nó an comhdhéanamh ceimiceach a bhí ann ag an teocht ard.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cóir teasa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 159.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |