Cófradhamba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cófradhamba

Struchtúr neamhbhuan a dheartar chun uisce nó talamh bhog a choinneáil amach as ionad mar a bhfuil bunsraitheanna á dtógáil. De ghnáth, damba nó bratpheileáil a bhíonn ann. Uaireanta is gá struchtúir níos críochnúla a dhéanamh don ghnó, mar shampla, le dhá líne bhratpheileálacha agus líonadh ithreach eatarthu, nó ballaí déanta as cealla cruach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cófradhamba". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 154.