Códón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Códón

Seicheamh de 3 núicléitíd (trírín) sa DNA a shainíonn aimíonaigéad ar leith a chur isteach in ionad ar leith i struchtúr próitéine le linn a tógála. Bunghné den chód géiniteach is ea é go sainíonn tríríní de na 4 núicléitíd — na púiríní, adainín (A) is timín (T), agus na pirimidíní, cíotóisín (C) is guainín (G)—sa DNA (mar shamplaí AAA, AAG, AGA, GAA, AGT, agus mar sin de) tógáil próitéiní agus go rialaíonn feidhmeanna eile na cille bitheolaíche. Bíonn ord ar leith ar na códóin i ngéin ar bith ar feadh crómasóim. De bhrí nach bhfuil ceadaithe ach na naisc A-T is C-G idir núicléitídí urchomhaireacha ar an dá thointemhóilín sa déhéilics den DNA, má bhíonn códón AGT ar thointe amháin, bíonn an códón freagrach TCA ar an tointe os a comhair amach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Códón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 154.