Cócaireacht na Síne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Béile Síneach

Is í cócaireacht na Síne an traidisiún cócaireachta is mó clú uirthi agus is mó éagsúlachta inti ar domhan. "Cócaireachtaí" a bheadh níos cirte a rá, i ndáiríre, mar is é an ghné réigiúnda an rud is tábhachtaí agus cócaireacht na Síne á plé againn. Traidisiún ársa atá i gceist cé gurbh insan 19ú haois a tháinig an réigiúnachas chun tosaigh inti. An rud is bunúsaí a scaireann na traidisiúin óna chéile is é deighilt idir an tuaisceart, ina mbaintear úsáid leathan as cruithneacht (milléad roimhe sin siar), agus an deisceart, ina mbaintear úsáid as rís.

Stéilleacha mairteola

Ar na stíleanna cócaireachta réigiúnda is coitianta tá (ag dul ó dheas agus ansin siar tríd an tír) cócaireacht Shandong (lŭcài, 鲁菜), Jiangsu (sūcài, 苏菜), Anhui (wǎncài, 皖菜), Zhejiang (zhècài, 浙菜), Fujian (mǐncài, 闽菜), Guangdong (yuècài, 粤菜), Hunan (xiāngcài, 湘菜) agus Sichuan (chuāncài, 川菜). Go traidisiúnta, tugtar "na hocht gcócaireacht mhóra réigiúnda" (bādà càixì, 八大wikt:菜系) na Síne orthu.

An tríolóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cócaireacht na Síne ceangailte leis an sochaí, leis an bhfealsúnacht agus leis an míochaine.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]