Círéibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac
| ||||
| Cineál | círéib | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | Iúil 1863 | |||
| Suíomh | Nua-Eabhrac, SAM | |||
| Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
| Líon básanna | 120 | |||
Tharla Círéibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac ar 13-16 Iúil 1863. Bhí faitíos ar na mílte daoine óga go mbeadh coinscríobh i ndán dóibh.
Bhí siad ar an gcorraíl ba mharfaí i stair na Stát Aontaithe. Fuair 105 duine bás agus rinneadh damáiste do shealúchais ar fud na cathrach.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é an tAcht um Choinscríobh don Aontas a spreag an chorraíl. Chuirfí iachall ar fhir troid ar son airm an Aontais sa Chogadh Cathartha a bhí ar bun le Cónaidhm an Deiscirt ó 1861 i leith.
Bhí clásal san Acht um Choinscríobh a lig d’fhir shaibhre éalú ó dhul chun cogaidh trí $300 a íoc. Ní nach ionadh go raibh lucht oibre na cathrach, ach go háirithe na himircigh Éireannacha ina measc, ar buile faoin méid sin.
D’éirigh na círéibeacha ina éirí amach i gcoinne an údaráis fheidearálaigh, an rialtais Phoblachtaigh.[1]

Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhris an foréigean amach ar an 13ú Iúil, nuair a bhailigh na sluaite lasmuigh den oifig choinscríofa sa Naoú Ceantar Comhdhála in Manhattan. D’ionsaigh baill den “Black Joke”, fir dhóiteáin dheonacha, an oifig i ndiaidh beirt dá mbaill a bheith roghnaithe don choinscríobh. Scriosadh taifid den choinscríobh agus dódh an foirgneamh.
Rinne na póilíní agus buíonta beaga de shaighdiúirí iarracht an chorraíl a chur faoi chois, ach bhí na sluaite eagraithe go maith. Rinne siad creachadh ar shiopaí, scriosadh iarnróid, agus gearradh línte teileagraif. Anuas air sin, ionsaíodh siombailí a léirigh údarás na bPoblachtach a bhí i gceannas i Washington, tráth a raibh Nua-Eabhrac ag vótáil go mór ar son na nDaonlathach a bhí bunaithe in Halla Tammany.
De réir mar a scaip na círéibeacha d’fhorbair siad isteach i gcíréibeacha ciníocha. Tógadh Afrai-Mheiriceánaigh ó charranna sráide, ionsaíodh iad agus maraíodh iad. Dódh an Coloured Orphan Asylum agus ba bheag nár maraíodh na páistí ann.
Faoin dara lá, bhí na hionsaithe ar dhaoine dubha ag éirí níos tréine. Chuaigh go leor de na hAfrai-Mheiriceánaigh i bhfolach nó theith siad ón gcathair. Ionsaíodh sibhialtaigh a bhí gléasta go maith, saighdiúirí, nó éinne a ceapadh go raibh siad báúil leis an rialtas Poblachtach. Maraíodh an Coirnéal Henry O’Brien tar éis dó iarracht a dhéanamh na sluaite a bhrú siar gan leas a bhaint as an lámh láidir.
Bhí deacracht ag na húdaráis na círéibeacha a chur faoi chois ar dtús. Bhí cuid mhaith de mhílíste Nua-Eabhrac fós in Pennsylvania i ndiaidh fheachtas Gettysburg. Ní raibh ach buíon bheag póilíní fágtha a d’fhéadfadh dul i ngleic leis na sluaite, nuair a tháinig reisimintí an Gharda Náisiúnta ar an bhfód agus thosaigh siad ag scaoileadh leis na sluaite.
Faoin tríú agus ceathrú lá bhí airtléire in úsáid agus bhí saighdiúirí ag dul ó theach go teach chun an chorraíl a chur faoi chois, ach go háirithe ar an Taobh Oirthearach Uachtarach, áit a raibh lucht na círéibe tar éis baracáidí a chur in airde chun iad féin a chosaint.[1]
Deireadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig deireadh leis na círéibeacha tar éis ceithre lá den fhoréigean. Maraíodh lucht na círéibe den chuid is mó, agus maraíodh dosaen Afrai-Mheiriceánach. Níor chuir na húdaráis áitiúla an dlí ar lucht na círéibe de bharr go raibh drogall ar na Daonlathaithe áitiúla pionóis ghéara a chur i bhfeidhm.
Tugadh an coinscríobh isteach arís faoi chosaint mhíleata i mí Lúnasa. Ach ní raibh glacadh maith leis i measc an phobail agus b’éigean don Aontas brath ar óglaigh, ina measc 180,000 saighdiúir Afrai-Mheiriceánach.[1]
Na hÉireannaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na hAfrai-Mheiriceánaigh in iomaíocht leis na hÉireannaigh do na poist is measa sa chathair ag an am.
Cé go raibh na hÉireannaigh go mór chun cinn i measc lucht na círéibe, bhí go leor Éireannach i measc na bpóilíní, na saighdiúirí, agus an mhílíste chomh maith, rud a léirigh na deighiltí sa phobal Éireannach i Nua-Eabhrac ag an am.
Tá aird tarraingthe ag staraithe amhail Noel Ignatiev ar Chíréibeacha Choinscríofa Nua-Eabhrac 1863 mar chor cinniúnach i bhforbairt fhéiniúlacht na nÉireannach i Meiriceá mar dhaoine geala. Ina leabhar How the Irish Became White áitíonn Ignatiev gur dhreap na hÉireannaigh dréimire ciníoch SAM trí iad féin a scaradh amach ó na hAfrai-Mheiriceánaigh agus iad a chur faoi chois.[1]
