Béite-bhlocálaithe
Cuma
Sonraí cliniciúla | |
---|---|
Grúpa cógaseolaíochta | adrenoblocker (en) agus adrenergic antagonist (en) |
Cód ATC | C07 |
ChEBI | 35530 |
Grúpa drugaí a tugadh isteach sna 1960idí a laghdaíonn ráta buailte an chroí is brú na fola. Ba é própánólól an chéad cheann a bhí éifeachtach sa chlinic. Úsáidtear é agus aitéanólól go forleathan i gcásanna dianstruis is scaoill chun cosc a chur ar shiomptóim cosúil le rith an chroí, cur allais is crith. Moltar iad mar chóir leighis do dhaoine atá ag léiriú nó ag taibhriú go poiblí nó fiú ag dul faoi scrúdú tiomána. Tá conspóid ann faoina n-úsáid ag imreoirí snúcair mar gur féidir go bhfeabhsóidh siad a bhfeidhmiú.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Béite-bhlocálaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 70.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |