Busáras Bhochanan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Busáras Bhochanan
Íomhá
Sonraí
CineálStáisiún bus
Dáta na hoscailte oifigiúla1977 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCathair Ghlaschú, Scotland
Map
 55°51′55″N 4°15′02″W / 55.86522°N 4.25061°W / 55.86522; -4.25061
Gníomhaíocht
OibreoirStrathclyde Partnership for Transport (en) Aistrigh
An socrú fiacail sáibh an úsáidtear ag na seastáin bus
Clog Chluaidh le George Wyllie atá taobh amuigh den stáisiún bus

Is é Busáras Bhochanan an príomh-áras ceann aistir bus i nGlaschú, Albain.

Is é an busáras an áras ceann aistir do thurais idir an chathair agus bailte agus cathracha eile in Albain, chomh maith le seirbhísí fadraoin idirnáisiúnta chuig áiteanna eile sa Bhreatain Mhór agus níos faide i gcéin.

Fosclaíodh an Busáras Bhochanan atá ann faoi láthair i 1977. Roimhe sin d'úsáid seirbhísí Ghrúpa Bus na hAlban a bhí ag críochnú ar thaobh ó thuaidh lár na cathrach dhá bhusáras níos lú ar a dtugtar Busáras Shráid Cheann Tearmainn (ar a tugadh Busáras Shráid Buchanan air fosta) agus Busáras Shráid Dhùn Deas, chomh maith le láthair feithimh ar an tsráid ar Shráid Rinn Friù. Bhí na háiseanna seo iontach plúchta, agus cé gur mhaolaí cúrsaí, go pointe, sna 1960idí nuair a cruthaíodh clós páirceála do bhusannaí ar choirnéal Bhóthar na Parlaiminte agus Sráid Cheann Tearmainn, cha raibh ann ach socrú sealadach, toisc gur leagadh neart den chuid seo den chathair, agus an bhun-leagan amach de na sráideanna, agus rinneamh athfhorbairt chuimsitheach air sna 1970. Mar chuid den athfhorbairt seo, tógadh an Bhusáras úr soir ó na séan áiseanna, ar phíosa talaimh a bhíodh ar an taobh ó thuaidh de Bhóthar na Parlaiminte agus mar chuid d'iosta earraí iar-stáisiún iarnróid Shráid Buchanan, a druideadh sna 1960idí mar gheall ar Chiorruithe Beeching. Tá bealach isteach an bhusáras nua ar Shráid Cheann Tearmainn (nach bhfuil baint aige leis an ailíniú a bhí ag an tsráid den ainm céanna a bhí ann roimhe).

I ndiaidh príobháidiú Ghrúpa Bus na hAlban tugadh úinéireacht an bhusárais d'Iompair Paisinéirí Shrath Chluaidh i 1993, agus ansin tugadh dá chomharba Comhpháirtíocht Iompair Shrath Chluaidh i 2006.[1] Dúnadh an iar-áras ceann aistear eile de chuid Ghrúpa Bus na hAlban sa chathair, Busáras Bhaile Anndra, i 1993 freisin, agus aistríodh cuid dá sheirbhísí go Busáras Bhochanan dá bharr.

Is é an busáras is mó in Albain atá ann,le thart fá 1,700 turas bus ag imeacht ón bhusáras achan lá, agus úsáideann níos mó ná 40,000 paisinéir na turais seo ar bhonn laethúil. Tá sé faoi fhad siúil ó stáisiún iarnróid Shráid na Banríona Ghlaschú agus stáisiúin traenach faoi thalamh Choille Challtainn agus Shráid Bochanan. Nascann seirbhís bus an busáras lé stáisiún traenach Shráid na Banríona agus an Stáisiúin Traenach Meánach.[2]

Oibritheoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad seo a leanas na hoibritheoirí a chuireann seirbhísí go Busáras Bhochanan ar fáil: [3]

Áiteanna in aice láimhe[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcultúr an phobail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne an ceoltóir áitiúil Roddy Frame rómansú ar an bhusáras ina amhrán Killermont Street, a bhí le feiceáil ar albam a bhanna Camera Aztec ó 1987 Love. Pléann an t-amhrán le héalúchas go háiteanna úra ón stáisiún, leis an líne athfhillteach Tá teachtaireacht ann dúinn, is féidir linn dul ann ar an bhus, ó Shráid Killermont.[5] Tugtar "Killermont Street" ar shuíomh leantóra oifigiúil Frame mar thagairt don amhrán.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Buchanan Bus Station" (en). SPT. Dáta rochtana: 2020-08-31.
  2. "Buchanan bus station - Passenger help". web.archive.org (2006-06-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-06-22. Dáta rochtana: 2020-08-31.
  3. Comhpháirtíocht Iompair Shrath Chluaidh. "Bus Stations: Buchanan Bus Station". Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2020.
  4. Hannon Coach. "BELFAST – GLASGOW EXPRESS TIMETABLE" (en-IE). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Meán Fómhair 2020. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2020.
  5. "Aztec Camera – Killermont Street Lyrics". Aztec Camera. “We can get there by bus From Killermont Street”
  6. "Killermont Street: News". www.killermontstreet.net. Dáta rochtana: 2020-08-31.