Jump to content

Bulaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
stompoutbullying.org[1] in 2022
Wikimania 2014[2]

Is éard atá i gceist le bulaíocht[3] (nó ciapadh[4] uaireanta)[5] ná ionsaí leanúnach, labhartha, síceolaíoch nó fisiciúil, á dhéanamh ag duine aonair nó ag grúpa ar dhaoine eile.[6] Airítear sna nósanna imeachta bulaíocht maidir le féiniúlacht inscne, cibearbhulaíocht, bulaíocht chiníoch agus ciapadh gnéasach.[7]

Sainmhíníonn an Roinn Oideachais in Éirinn an bhulaíocht mar iompar diúltach nach dteastaíonn, briathartha, síceolaíoch nó fisiceach, a dhéanann duine aonair nó grúpa i gcoinne duine (nó daoine) eile agus a dhéantar arís agus arís eile le himeacht ama. Meastar freisin gur iompar bulaíochta é teachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí aonuaire atá maslach nó díobhálach a chur ar Láithreán líonra sóisialta nó ar fhóram poiblí eile inar féidir leis an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil nó a athrá.[8]

Ní háirítear ionsaí uair umá seach mar bhulaíocht cé nach dtabharfar cluas bhodhar dó. Ach bíodh sin mar atá, nuair a leanann an iompar seo d’aonghnó, is é atá ann ná bulaíocht.[9][10]

Is iomaí cineál bulaíochta ann. Tarlaíonn sé sa láthair oibre agus sa scoil agus fiú ar Wikipedia.[2]

De ghnáth tá cosc ar aon sórt bulaíochta. Ach níl sé éasca dul i ngleic le hiompar bulaíochta agus bearta a chur i bhfeidhm chun bulaíocht a chosc

Bulaíocht sa scoil in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ábhar imní mór ag tuismitheoirí is ea an bhulaíocht. D'fhéadfá a rá go dtarlaíonn bulaíocht i ngach scoil.[11] De réir a bhfuil san athbhreithniú sa bhliain 2024 a rinne cigirí na Roinne, deir duine as gach ceathrar daltaí bunscoile go ndearnadh bulaíocht orthu. Duine as gach cúigear atá i gceist i scoileanna dara leibhéal.[7]

Moltar sa scoil tuairisc a thabhairt ar na heachtraí seo. Fiosraítear is coimeádtar cuntas ar gach tuairisc ar bhulaíocht fiú más beagthábhachtach iad agus déanann na múinteoirí plé leo. Déantar taifead ar gach eachtra bulaíochta (tá sé i gceist fiú bunachar sonraí náisiúnta a bhunú dá réir).[7] Cuireann an Príomhoide tuismitheoirí nó caomhnóirí na leanaí lena mbaineann na heachtraí ar an eolas ionas go mbeadh sé ar a gcumas oibriú leis an scoil chun gach tacaíocht a thabhairt dá leanaí.

Ba cheart cosaintí in aghaidh na bulaíochta a threisiú. Cuirtear an-bhéim air cinnte nach bhfuil aon ghlacadh le bulaíocht. Ach níl sé éasca athruithe a dhéanamh ar an gcultúr go minic. Iarrtar ar gach duine i scoileanna na tíre a bheith cineálta le chéile. Thosaigh feachtas den saghas seo sna Stáit Aontaithe in 2022)[1][12] agus in Éirinn in 2024.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "STOMP Out Bullying® | Cyberbullying & Bullying Prevention". www.stompoutbullying.org. Dáta rochtana: 2024-06-23.
  2. 2.0 2.1 "Submissions/A Culture of Kindness - Wikimania 2014 in London" (en). wikimania2014.wikimedia.org. Dáta rochtana: 2024-06-23.
  3. i mBéarla, bullying
  4. i mBéarla, harassment
  5. "Harassment" (as en) (2024-05-09). Wikipedia. 
  6. gaelscoiluiriada.ie. "Cód Riailbhéasa is Smachta". Dáta rochtana: 2024.
  7. 7.0 7.1 7.2 Máire Ní Bhraonáin / Nuacht RTÉ (2024-06-19). "Nósanna imeachta frithbhulaíochta i scoileanna nuashonraithe" (as ga-IE). 
  8. Citizensinformation.ie. "Bulaíocht ar scoil" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-06-23.
  9. Department of Education and Skills Guidelines on Counteracting Bullying Behaviour
  10. "BULAÍOCHT / Bullying" (en). Gaelscoilchaisleain. Dáta rochtana: 2024-06-23.
  11. oco.ie (2022). "OCO Plean Straitéiseach 2022-2024". Dáta rochtana: 2024.
  12. cogg.ie. "Taisce Tuisceana". Dáta rochtana: 2024.