Bujumbura
Bujumbura | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Bhurúin | |||
Province of Burundi (en) | Bujumbura Mairie Province (en) | |||
Príomhchathair de | Burundi (en) Bujumbura Mairie Province (en) Usumbura District (en) Ríocht na Burúine (–1912) an Bhurúin (1962–2019) | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 658,859 (2014) | |||
• Dlús | 7,613.35 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Cuid de | an Bhurúin | |||
Achar dromchla | 86.54 km² | |||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch na Tangainíce | |||
Airde | 774 m | |||
Ar theorainn le | ||||
Sonraí stairiúla | ||||
1871 1897 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | mairiebujumbura.gov.bi |
Is í Bujumbura príomhchathair na Burúine ar bhruacha thoir thuaidh Loch na Tangainíce. Is í Bujumbura an chathair is mó sa tír, agus príomhionad eacnamaíochta agus riaracháin na tíre. Is calafort tábhachtach í chomh maith agus báid fharantóireachta ag taisteal idir í agus Kigoma sa Tansáin. Tá tionscail suiminte, icstíl]]e agus gallúnaí sa chathair.
Rinneadh forbairt ar shráidbhaile beag mar cheanncheathrú míleata le linn d'Impireacht na Gearmáine a bheith i gceannas ar an tír. Nuair a bhí an Chéad Chogadh Domhanda thart ghabh an Bheilg seilbh ar an tír agus d'úsáid siad Bujumbura mar lárionad riaracháin ar Ruanda-Urundi.
Athaimníodh mar Usumbura í nuair a ghnóthaigh an Bhurúin a neamhspleáchas sa bhliain 1962.
Baile coilíneach atá i lár na cathrach le margadh mór, staid spóirt, mosc, ardeaglais agus ollscoil. Tá músaem geolaíochta ann freisin. In aice na cathrach tá páirc náisiúnta Rusizi, an áit ina raibh na taiscéalaithe David Livingtone agus Henry Morton Stanley nuair a bhí foinse na Níle á lorg acu.