Buinneach lao

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Buinneach dhian i laonna, laonna nuabheirthe go háirithe. Táirgtear faecas iomadúil uisciúil bréan, a éiríonn stolptha timpeall leath deiridh an ainmhí ag an am céanna is a dhíhiodráitíonn sé. Cliseann sé go luath ina dhiaidh sin, agus nuair a dhiúltaíonn an lao bia a ithe bíonn baol mór go bhfaighidh sé bás. Bíodh is go mbíonn miocrorgánaigh bainteach leis an ngalar (Echerichia coli is Salmonella), drochfheirmeoireacht is drochthithíocht do na hainmhithe is minice a bhíonn freagrach as. Mar chóireáil, is gá smacht a chur ar an mbuinneach go práinneach agus an t-ainmhí a athhiodráitiú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Buinneach lao". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 98.