Buamáil tithe tábhairne in Birmingham
| ||||
Cineál | buamáil teach tábhairne ionsaí sceimhlitheoireachta | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | na Trioblóidí | |||
Dáta na bliana | 21 Samhain 1974 | |||
Suíomh | Birmingham, England , Birmingham, England | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | teach tábhairne | |||
Líon básanna | 21 | |||
Líon gortaithe | 182 | |||
Pléascadh buamaí in dhá theach tábhairne in Birmingham, Sasana, ar 21 Samhain 1974.[1] Maraíodh 21 duine sa Mulberry Bush agus sa Tavern in the Town.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh an milleán ar an IRA faoin mbuamáil go díreach (ach níor ghlac éinne freagracht as an ionsaí ar feadh na mblianta).
Chinn coiste cróinéara níos déanaí gur foláireamh teileafóin a ndearnadh praiseach de ba chúis leis an moill a bhí ar na póilíní daoine a thabhairt amach as na tithe tábhairne.[2][3] Ach chinn giúiré an choiste cróinéara freisin nach raibh aon locht ar na póilíní agus nach raibh aon eolas faighte acu faoi na buamaí roimh ré.[4]
Fiosruithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghabh na póilíní Michael Christopher Hayes i 1974; ceistíodh é agus gur scaoileadh saor é.
Ansin sa bhliain 1990, bhí Michael Hayes ar dhuine den bheirt a ainmníodh as na buamaí a leagan in Birmingham, ar chlár de chuid Granada TV.
Sa bhliain 2017, bhí leithscéal gafa ag Hayes, as an mbaint a bhí aige leis an ngrúpa ón IRA a d’eagraigh an bhuamáil Dúirt Hayes go raibh “comhfhreagracht” á glacadh aige as gníomhartha uilig an IRA i Sasana, buamáil Birmingham ina measc. D’adhmaigh sé go raibh sé ina bhall den IRA ar feadh breis agus 30 bliain in Éirinn agus i Sasana agus go raibh páirt aige i ngníomhartha na heagraíochta in Birmingham.
Mhaígh Hayes nach raibh sé i gceist ag an IRA daoine a mharú agus gur thug siad rabhadh leathuair a chloig do phóilíní Shasana faoi na buamaí, ach go raibh moill ocht nóiméad ar an IRA an rabhadh sin a eisiúint,[3] rud ba chúis leis an léirscrios. D'admhaigh Hayes gur bhain sé féin an dochar as an tríú buama nuair a chuala an IRA faoin ár a rinneadh sa dá áit eile.[5] úirt sé go raibh a choinsias glan agus nach aon dúnmharfóir é féin.[6]
Éagóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 25 Samhain 1974 i bParlaimint Westminster, ritheadh an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta. Ag an am céanna, d'fhógair an tAire Briotanach, an 'Rúnaí Baile', Roy Jenkins, gur eagraíocht mhídhleathach a bhí san IRA Sealadach. Dúirt sé "The powers... are Draconian. In combination they are unprecedented in peacetime."[7]
Bhain na péas úsáid as an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta chun daoine neamhchiontacha a chur i ngéibheann.
Chuir Michael Havers cás an ionchúisimh i láthair sa bhliain 1975. Ar 15 Lúnasa 1975 ciontaíodh san éagóir seisear, ar a dtugtar ‘Seisear Birmingham’, mar gheall ar an mbuamáil.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Maitiú Ó Coimín (10 Iúil 2017). "Leithscéal gafa ag buamadóir de chuid an IRA faoi bhuamáil Birmingham" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-21.
- ↑ Nuacht RTÉ (2019-04-05). "'Foláireamh lochtach ba chúis le maruithe i mBirmingham'" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 Michael Hayes sa bhliain 2017ː "It was only later on that we realised there was eight valuable minutes missed. We were going to give them a half-hour warning. "Out of that half hour, eight minutes elapsed - eight priceless minutes." He said that as he understood it one of the phone boxes used for the telephone warnings was broken and another one was being used.
- ↑ Nuacht RTÉ (2020-11-18). "Fear gafa i mBéal Feirste faoi bhuamálacha Birmingham" (as ga).
- ↑ Is ar Hagley Road in Birmingham a bhí an tríú buama sin fágtha.
- ↑ Nuacht RTÉ (2017-07-27). "Iar-bhall den IRA le ceistiú faoi bhuamáil Birmingham" (as ga).
- ↑ H.C. Debs. Vol. 882 col. 35 25 November 1974