An tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta
Cineálseries of Acts of Parliament of the United Kingdom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FógairtParlaimint na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata


Prevention of Terrorism Act 2005-2008

Ar 25 Samhain 1974 i bParlaimint Westminster, ritheadh an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta (nó an PTA, Prevention of Terrorism Act) 1974 na Ríochta Aontaithe.

An 'Rúnaí Baile', Roy Jenkins

Ag an am céanna, d'fhógair an tAire Briotanach, an 'Rúnaí Baile', Roy Jenkins, gur eagraíocht mhídhleathach a bhí san IRA Sealadach. Dúirt sé "The powers... are Draconian. In combination they are unprecedented in peacetime."[1]

Cúpla lá roimhe sin, ar 21 Samhain 1974, pléascadh buamaí in dhá theach tábhairne in Birmingham agus maraíodh 21 Ritheadh an PTA mar fhreagairt ar an eachtra seo. Nó sin an leithscéal a bhí ann ag an am. I ndairíre, bhí an reachtaíocht ar na bacáin le tamall anuas.[2]

Bhain na péas úsáid as an PTA chun daoine neamhchiontacha, leithéidí Cheathrar Guildford, Seisear Birmingham, Ann agus Paddy Maguire, srl a chur i ngéibheann ar feadh cúig bliana déag nó níos mó.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. H.C. Debs. Vol. 882 col. 35 25 November 1974
  2. Clive Walker (1992). "The Prevention of Terrorism in British Law" (as en). Manchester University Press. 
  3. Tony Birtill (DF 2001). "Amhras faoi na Moslamaigh" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2022-11-25.