Buamáil an Los Angeles Times, 1910
| ||||
Cineál | ionsaí sceimhlitheoireachta ionsaí buamála | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 1 Deireadh Fómhair 1910 | |||
Suíomh | Los Angeles, California | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Líon básanna | 21 | |||
Tharla Buamáil an Los Angeles Times ar an 1 Deireadh Fómhair 1910. Phléasc buama os comhair oifig an nuachtáin i ngníomh sceimhlitheoireachta: Maraíodh 21 agus gortaíodh 100 nó níos mó. Thug an LA Times "coir an chéid" ar an mbuamáil ag an am.
Gabhadh beirt deartháireacha an bhliain dár gcionn, John J. ("J.J.") McNamara agus James McNamara.[1] Ceardchumannaithe agus Gael-Mheiriceánaigh ba ea iad, ón International Association of Bridge and Structural Iron Workers. Cuireadh iad faoi ghlas níos déanaí.
Bhí gluaiseacht an lucht oibre faoi bhrú ag an am. Theastaigh ó na fir oibre an ceart chun ceardchumainn a bhunú, i measc éilimh eile. Bhí an foréigean ag dul in olcas. Tharla na céadta ionsaithe roimh bhuamáil an LA Times, ach gan básanna de ghnáth.
Fuair J. B. McNamara bás i bpríosún Saint Quentin sa bhliain 1941.
Scaoileadh J.J. McNamara as an bpríosún sa bhliain 1920.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Los Angeles Times bombing" (as en) (2022-09-19). Wikipedia.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |