Brú
Foirmle |
---|
Is éard is brú ann ná an fórsa san aonad achair a chuirtear i bhfeidhm sa treo go hingearach le dromchla an réada. Úsáidtear an tsiombail p (sa chás íochtair) chuige, agus is é an pascal (Pa) aonad brú an SI. Nuair a fheidhmíonn fórsa nó meáchan ar leith ar fhairsinge níos lú, is ionann sin is brú níos mó. Má bhíonn réad tumtha i sreabhán cosúil le huisce nó aer, feidhmíonn brú ar gach taobh de. Tomhaistear brú le baraiméadair nó brúthomhasairí. Aonad brú a úsáidtear sa mheitéareolaíocht is ea an bar, agus aonad a úsáidtear sa mhíochaine is ea an milliméadar mearcair (mm Hg).
Sainmhíniú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ionann an brú ar rud agus an fórsa atá ag gníomhú go hingearach ar gach méadar cearnach dá dhromchla. Úsáidtear an tsiombail 'p' chuige, (cé go n-úsáidtear 'P' go forleathan freisin) agus is é an pascal (Pa) aonad brú an SI. Braitheann úsáid 'p' vs 'P' ar an réimse ina mbíonn an duine ag obair, m.sh. má tá siombailí eile i gcomhair cainníochtaí, ar nós cumhachta agus móimintim, agus ar an stíl scríbhneoireachta.[1]
Foirmle
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go matamaiticiúil:
i gcás: p = An brú, F = An fórsa, A = Achar an dromchla atá i dteagmháil
Aonaid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Brú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 93.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |