Briseadh spontáineach siméadrachta
Appearance
I gcórais fhisiciúla, laghdú na siméadrachta ar bhealach neamhréamhinste de réir mar a athraíonn an córas chuig córas le fuinneamh níos lú. Mar shampla, nuair a fhuaraítear ábhar fearómaighnéadach faoi bhun a theochta Curie, ailíníonn a chuid adamh chuig staid le fuinneamh níos lú agus siméadracht níos lú. Is prionsabal tábhachtach é i bhfisic na gcáithníní, réamhinsint mhaiseanna na gcáithníní W is Z, agus teoiric na n-idirghníomhuithe laga go háirithe.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Briseadh spontáineach siméadrachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 91.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |