Bratach na Spáinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
FIAV 111111.svgBratach
Bratach na Spáinne

Glacadh le Bratach Rialtas na Spáínne mar atá sé inniu, ar an 19ú Nollaig sa bhliain 1981 nuair a aithríodh an t-armas don uair is déanaí. An brat náisiúnta oifigiúil de réir bunreacht na Spáinne ná an brat gan an armas. Go hoifigiúil tá úsáid an armais ar an mbratach don rialtas (sé sin comhartha don ríochas) ach is sé leagan na brataí atá níos coitianta.

Tá bratach an rialtais ar an gcuma chéanna agus na brait a úsáideadh idir na blianta 1785 agus 1931 (bhí sé mar an comhartha cogaidh go dtí 1843 nuair a dhéanadh Bratach Náisiúnta as an gcomhartha cogaidh).

"Tá trí stiallacha cothrománach ag Bratach na Spáinne: dearg, buí agus dearg, tá an stiall buí dhá uair comh leathan agus na chinn dearga.".

Alt 4.1 de réir Bunreacht na Spáinne 1978


Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

An bhratach is mó atá cósúil le bratach an lae inniu ná, Bratach na Chabhlaigh, Bandera de Proa o de Tajamar or Torrotito faoi Carlos III na Spáinne 1785. Bhí an ríocht, ag an am sin faoi na Ríthe Bourbon, ag lorg Bratach chun comhartha sonraithe a bheith acu a bheith difriúl ó Brait ríogach eile na ríocht Bourbon (na chinn ba mhó ag an am sa Fhrainc agus na dhá Sicileach).

Tá raflaí ann go raibh comórtas ann chun dearadh a fháil do Bhratach nua na Spáinne. I ndeireadh na dála, tá an Bhratach a romhnaíodh mar chomhartha cogaidh, gaolta go díreach le Bratach an lae inniu. Lena trí stiallacha cheann acu dhá uair an méid na chinn eile, seasann sé amach ó Bratacha eile na hEorpach ón am céanna.

Tá buntús na Brataí fós conspóideach. Smaoineamh coitianta ná go bhfuil sé bunaithe ar phleann na monarcaigh coróin na hAragóine. Deireann daoine eile go ghlac Carlos III é ó Bratach na Nápáil.

I rith na 18ú, 19ú, agus 20ú aoiseann déag, bhí an dath seo go ginearálta mar an gcéanna. Na haithrithe ba mhó ná an Armas é féin. Sa Bratach an lae inniu tá an armas i bhfad níos simplí i gcomparáid lena chinn níos luaithe. Seasann na ceithre ceathrú dona ceithre Ríocht a tháinig le chéile chun an Spáinn a aontú ag deireadh an 15ú aois. Is iad seo a leanas na Ríochtaigh; (seasann an caisleáin do) Castilla, (seasann an leon do) León, (seasann na línte malartach ingearach buí agus dearg, cúig chinn dearg agus ceithee chinn buí do) Aragón, agus (seasann na slabhraí ceangailte do) Navarra. Freisin seasann toradh pomagránait don Ríocht Múrach Granada ag bun na Armas. Seasann na dhá colúin leis an comhartha "plus ultra" (ciallaíonn sé "níos mó" saLaidin) do Fionnachtáin agus coilíníú a rinne na Spáinnigh ar, Mhéiriceá, is iad na collúin miotaseolaíoch Hercules (ó caolas Gibraltar, geata isteach ar an muir Atlantach). Tagann an frasa "Plus Ultra" ón frasa "Non Plus Ultra" (a ciallaíonn "ón pointe seo, níl aon rud") roimh fionnachtain Meiriceá, toisc gur cheap siad go raibh an Spáinn an pointe is faide san iarthar.

Tá an banda corcra ar Bhratach an Dara Poblacht na Spáinne toisc go bhfuil dath corcra ar an mBratach Castilla ar barr an cheann dearg. D'úsáid na Ríogaigh an Bhratach dearg buí dearg (an dearg buí don Aragóin agus dearg eile do Castilla), agus d'úsáíd na poblachtánaigh dearg buí don Aragóin agus corcra do na reibiliúnaigh óna Comúnaigh Castilla i rith cogadh idir phobail i Castilla.