Bratach Stáit Aontaithe Mheiriceá
Toghadh Bratach Stáit Aontaithe Mheiriceá go hoifigiúil ar 14 Meitheamh 1777. Tá an bhratach ceangailte le hamhrán náisiúnta na tíre úd, mar atá The Star-Spangled Banner ("An Bhratóg Réaltbhreac"). Ar na leasainmneacha a thugtar ar bhratach na Stát Aontaithe tá "Old Glory" (Sean-Ghlóire), The Stars and Stripes (Na Réaltaí agus Stríoca), agus The Star-Spangled Banner.
Shocraigh lucht bunaithe na tíre go mbeadh 13 stríoc cothrománacha, stríocanna dearga agus bána ag déanamh uainíocht ar a chéile agus iad ag seasamh do na Trí Choilíneacht Déag a d'fhógair a neamhspleáchas ón mBreatain Mhór sa bhliain 1776. Sa chúinneán sa chuid uachtarach chlé tá 13 réalta bhána ar chúlra gorm. Is comhartha iad seo ar aontú na gcoilíneacht in aon ionad amháin. Ardaíodh an bhratach den chéad uair ar 3 Lúnasa 1777 nDún Stanwix, suíomh ar chuid den chathair úd Rome, Nua-Eabhrac inniu. Trí lá ina dhiaidh sin ardaíodh í le linn Chath Oriskany, i stát Nua-Eahbrac, ina raibh ar na Briotanaigh tarraingt siar roimh na fórsaí Coilíneacha. Gach uair a tháinig stát nua isteach san Aontas Meiriceánach cuireadh réalta nua ar an mbratach, é sin i gcónaí ar 4 Iúil, Lá an Neamhspleáchais. Toghadh an leagan atá ann inniu leis na 50 réalta ar 4 Iúil 1960 nuair a rinneadh stát de Haváí.