Brandon Flowers
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Meitheamh 1981 43 bliana d'aois Henderson, Nevada |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ardscoil Chaparral Ardscoil Juab |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, pianódóir, cumadóir, cumadóir amhrán, amhránaí is scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 2001 – |
Ball de | |
Seánra | Rac malartach agus rac indie |
Teangacha | Béarla |
Cineál gutha | Teanóir |
Uirlis | Pianó agus ceol gutha |
Lipéad ceoil | Island Records Vertigo Records Marrakesh Records |
Teaghlach | |
Páiste | Ammon Flowers, Gunnar Flowers, Henry Flowers |
Suíomh gréasáin | brandonflowersmusic.com |
Amhránaí is scríbhneoir de chuid an bhanna ceoil The Killers is ea Brandon Flowers. Rugadh in Henderson, Nevada, Meiriceá é ar an 21 Meitheamh 1981. Is é an duine is óige in a theaghlach. Tá deartháir amháin agus ceithre deirfiúr aige. Shane an t-ainm atá ar a dheartháir agus April, Shelly, Amy agus Stephanie na hainmneacha atá ar a dheirfiúracha. Bhí sé in a chónaí i Henderson ach bhog siad go Payson, Utah ar feadh dhá bhliain sular bhog siad go Nephi, Utah. Nuair a chríochnaigh sé an ardscoil, bhog sé go Las Vegas lena aintín sa bhliain 1999.
Bhunaigh sé an banna ceoil The Killers i Las Vegas sa bhliain 2001 le Dave Keuning (giotár), Mark Stoermer (dordghiotár) agus Ronnie Vannucci (drumaí). Sheol siad cúig albam: Hot Fuss (2004), Sam's Town (2006), Sawdust (2007), Day And Age (2008) agus Battle Born (2012) agus le déanaí, sheol siad albam de na hamhráin is mó ó na cúig albam. Dhíol siad níos mó ná fiche milliún albam. Sa bhliain 2010, sheol Brandon Flowers albam aonair 'Crossfire'. Shroich sé uimhir a haon i Sasana agus sa barr deich i deich dtír eile. Tá súil aige albam aonair nua a sheoladh sa bhliain 2015.
Phós sé Tana Mundkowsky ar an 2ú Lúnasa 2005 ar an oileán Oʻahu i Haváí. Tá triúr mac aige, Ammon, Gunnar agus Henry. Tá Brandon ina bhall d'Eaglais Naoimh na Laethanta Deireanacha.
Bhuaigh Brandon 'Best Dressed Man' agus 'Sexiest Man' ag an NME Awards sa bhliain 2005, 'Most Stylish Man' ag na GQ awards i 2008 agus arís ag na NME Awards i 2011, agus 'Q Idol Award' i 2012 ag na Q Awards.
Bhuaigh 'The Killers' ceithre 'Best International Band' ag na NME Awards i 2005, 2008, 2009 agus 2013, 'Best Band' i 2008, 'Best International Band' ag na BRIT Awards in 2006 agus 'Best Rock Group' sa MTV European Music Awards i 2006.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |