Braiteoir optúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Braiteoir a aimsíonn solas agus a athraíonn ina chomharthaí leictreonacha é. Braiteoirí an-oiriúnacha solais is ea na súile, a bhraitheann raon leathan leibhéal solais ach thar raon teoranta tonnfhad. Nuair a thiteann solas ar an reitine sa tsúil, gintear ríoga leictreacha sa néaróg optach. Téann na ríoga don inchinn len iad a bhrath agus pé brí atá iontu a bhaint astu. I measc na mbraiteoirí saorga optúla tá na cealla fótaileictreacha, a fhéadfaidh a bheith íogair do thonnfhaid infridhearga, infheicthe nó ultraivialaite, agus na solasmhéadair fhótagrafacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Brath optúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 88.