Braisle (fisic mhatamaiticiúil)
San fhisic, go sonrach sa mheicnic staitistiúil, is idéalú í braisle[1] (braisle staitistiúil nó tionól[2] freisin) ina bhfuil líon mór cóipeanna fíorúla (uaireanta, líon éigríochta) de chórais, a mheastar go léir ag an am céanna, agus seasann gach ceann acu do staid fhéideartha a bhféadfadh an fíorchóras a bheith ann. I bhfocail eile, is éard is braisle ann ná sraith de chórais de cháithníní a úsáidtear i meicnic staitistiúil chun cur síos a dhéanamh ar chóras amháin. Thug J. Willard Gibbs coincheap na braisle isteach in 1902.[3]
Is éard is braisle theirmidinimiciúil ann ná cineál faoi leith de bhraisle staitistiúil atá, i measc airíonna eile, i gcothromaíocht staitistiúil, agus a úsáidtear chun airíonna chórais teirmidinimiciúla a dhíorthú ó dhlíthe na meicnice candamaí.[4] [5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “ensemble — Aistriúchán Gaeilge ar ensemble (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-10-28.
- ↑ ““tionól canónta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-28.
- ↑ Gibbs (1902). "Elementary Principles in Statistical Mechanics". New York: Charles Scribner's Sons.
- ↑ Kittel (1980). "Thermal Physics, Second Edition": 31 ff. San Francisco: W.H. Freeman and Company. ISBN 0-7167-1088-9.
- ↑ Landau (1980). "Statistical Physics": 9 ff. Pergamon Press. ISBN 0-08-023038-5.