Bradán fearna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBradán fearna
Acipenseridae Cuir in eagar ar Wikidata

bradán fearna Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
OrdAcipenseriformes
FineAcipenseridae Cuir in eagar ar Wikidata
Bonaparte, 1831

Ball de ghrúpa iasc bunúsach a fhaightear in uiscí úra is muirí sa leathsféar thuaidh. An cholainn fadaithe armtha le línte de lanna troma cnámhacha. An ceann barrchaol, sprochaillí fada faoi bhun an bhéil, an t-eireaball neamhshiméadrach leis an maothán uachtarach níos mó ná an ceann íochtarach. 1-5 m ar fhad. Tá iascaireachtaí tábhachtacha trádálacha bunaithe ar chineálacha ar leith. Itear na huibheacha mar chaibheár. Tá baol a ndíofa ann, ar bhonn trádálach ar aon nós, i réigiún Mhuir Chaisp de bharr póitseála is ró-iascaireachta.[1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bradán fearna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 87.