Bosco
| Cruthaitheoir | Raidió Teilifís Éireann |
|---|---|
| Tír | Éire |
| Bealach teilifíse | RTÉ a Dó |
| An chéad eipeasóid | 4 Meitheamh 1979 |
| An eipeasóid dheireanach | 2 Meán Fómhair 1991 |
| Líon eipeasóidí | 386 |
| Tuilleadh eolais | |
Ba chlár teilifíse Éireannach a craoladh ó 4 Meitheamh 1979 go 1987 é Bosco, agus leanadh air á athchraoladh ina dhaidh sin.[1] Bhí an clár ina chuid den saol gach lá ag páistí ar fud na hÉireann, agus ráitis an phuipéid de ghlanmheabhair acu. Bhíodh sé ar an teilifís i ndiaidh na scoile sna 1980idí agus is iomaí gasúr a bhíodh ag deifriú abhaile le breathnú air. [2]

Bosco féin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Bosco ina phuipéad le gruaig dhearg agus éadaí glasa agus bána air (nó uirthi, ní raibh a inscne luaite ar an gclár i gcónaí.
Na láithreoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I rith na mblianta bhí roinnt mhaith láithreoirí ag obair le Bosco, leithéidí Jonathan (Ryan), Marian (Richardson), Frank (Twomey), Gráinne (Uí Mhaitiú) agus Philip. Éinne a d’fhás aníos in Éirinn sna 1980idí, cuimhneoidh siad ar ghlór Bhoscó agus é ag fógairt go mífhoighneach, “Tá sé sin UAFÁSACH, Gráinne (nó Philip srl)!”
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Bosco ar rte.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-10-22. Dáta rochtana: 2007-10-22.
- ↑ Bridget Bhreathnach (8 Bealtaine 2026). "Beidh áit speisialta ag Gráinne Uí Mhaitiú inár gcroí go deo" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-05-08.