Boots Riley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBoots Riley

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Aibreán 1971
53 bliana d'aois
Chicago, Illinois Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteBoots Riley Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Oakland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmrapálaí, stiúrthóir scannán, cumadóir amhrán, léiritheoir ceirníní, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1991 –
SeánraHip hap polaitiúil
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilAnti- Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileGabby La La Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1108556 Allocine: 265365
Facebook: boots.riley Twitter: BootsRiley Last fm: Boots+Riley Musicbrainz: 6663c26b-e226-48b0-bb04-cc28b3d16538 Songkick: 577252 Discogs: 140096 Allmusic: mn0000104244 Deezer: 5643445 Cuir in eagar ar Wikidata

Rapálaí, scríbhneoir scannán, agus gníomhaí cumannach Meiriceánach is ea Raymond LawrenceBootsRiley (rugadh 1 Aibreán 1971).[1][2] Is é príomhamhránaí na mbannaí ceoil The Coup agus Street Sweeper Social Club. Scríobh agus stiúir sé an scannán Sorry to Bother You a eisíodh i mí Iúil 2018.[3]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Riley i 1971 in Chicago, mac le Walter Riley, aturnae Afra-Mheiriceánach, agus Anitra Patterson, arbh Afra-Mheiriceánach a hathair, agus teifeach Giúdach ó Königsberg a máthair (seanmháthair Boots) a theith ón Eoraip lena tuismitheoirí agus í ina déagóir i 1938.[4] Is é Boots an ceathrú páiste as cúigear sa chlann.

Nuair a bhí Riley sé bliana d'aois, bhog an teaghlach go Oakland, California,[4][5] áit ar fhreastail sé ar Oakland High School níos déanaí.[6] Nuair ab éigean don scoil caiteachas a ghearradh sna 1980í, d'eagraigh Riley agus cairde dá chuid agóidí agus stailc ar ghlac 2000 as na 2200 dalta páirt iontu.[7] Bhí spéis aige i gcúrsaí polaitíochta ina óige; bhí sé ina bhall den Choiste Idirnáisiúnta in aghaidh an Chiníochais nuair a bhí sé 14 bliain d'aois,[8] agus chuaigh sé isteach i bPáirtí Forásach an Lucht Oibre an bhliain dár gcionn.[5]

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

The Coup[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1991, bhunaigh Riley agus E-roc an grúpa hip hap The Coup.[9] In éineacht leis na rapálaithe Spice 1 agus Mopreme Shakur (ar a dtugtaí Mocedes ag an am), d’eisigh siad amhrán ar albam díolama dar teideal Dope Like a Pound or a Key, ar Wax That Azz Records, i 1991.[10] Tháinig DJ Pam the Funkstress isteach sa ghrúpa an bhliain dár gcionn.[11] Bhí Riley ina phríomhliriceoir agus ina léiritheoir ceoil ar albaim de chuid The Coup.

I 1992, shínigh The Coup conradh le Wild Pitch Records/EMI,[10] agus d’eisigh siad a gcéad albam Kill My Landlord i 1993. Bhí dhá amhrán ón albam, “Dig It” agus “Not Yet Free”, le cloisteáil ar stáisiúin raidió ar fud na Stát Aontaithe, agus ar an teilifís, ar BET agus Yo! MTV Raps.[10]

I 1993, d'eisigh E-40 físeán do “Practice Lookin' Hard”, amhrán a bhí bunaithe ar liric de chuid Riley: “I got a mirror in my pocket and I practice lookin' hard”, ón amhrán  “Not Yet Free”.[12] Tá Riley, E-40, agus Tupac Shakur san fhíseán, ag damhsa thart agus ag díriú solais isteach sa cheamara le scáthán láimhe. Canann Riley curfá an amhráin san fhíseán freisin.

Riley holding a microphone onstage
Riley ar an ardán in 2007

I 1994, d’eisigh The Coup an dara halbam a bhí acu, Genocide & Juice. Bhí E-40 agus Spice 1 le cloisteáil ar an albam mar aoicheoltoirí. Chuaigh an t-albam in airde ar na cairteacha mar gheall ar an tóir a bhí ar an amhrán “Fat Cats and Bigga Fish” ar an raidió. Ag an bpointe seo, d'fhág E-roc The Coup ar bhealach cairdiúil.[13]

Eisíodh an t-albam Steal This Album ar an lipéad neamhspleách Dogday Records i 1998. Rinne an iris Rolling Stone cur síos air mar “a masterpiece of slow-rolling West Coast funk”.[14] Baineann an t-amhrán “Me and Jesus the Pimp in a '79 Granada Last Night” le fear, mac striapaí, atá ag tiomáint an fear a dhúnmharaigh a mháthair go dtí áit iargúlta chun é a mharú.[15] D’fhoilsigh HarperCollins úrscéal, Too Beautiful for Words, le Monique W. Morris sa bhliain 2000, a bhí bunaithe ar an scéal agus ar na carachtair san amhrán.[16] Tá Del the Funky Homosapien le cloisteáil mar aoicheoltóir ar an amhrán “The Repo Man Sings for You”.

Chuir an grúpa a cheathrú halbam amach in 2001, Party Music, ar 75 Ark Records. D'atheisigh Epitaph Records é in 2005. I dtús báire, léirigh ealaín an chlúdaigh baill an ghrúpa ina seasamh os comhair an Ionaid Trádála Domhanda agus na Twin Towers ag pléascadh.[17][18] Tógadh an grianghraf i mí na Bealtaine 2001, agus bhí an t-albam sceidealta le heisiúint go díreach tar éis na n-ionsaithe ar 11 Meán Fómhair 2001. Toisc go raibh an clúdach iontach cosúil leis na hionsaithe, cuireadh an eisiúint ar athló go dtí go raibh siad in ann clúdach nua a ullmhú. Shroich an t-albam #8 sa phobalbhreith mór le rá “Pazz and Jop” de chuid an Village Voice. Roghnaigh The Washington Post é mar “Albam Popcheoil na Bliana”, agus roghnaigh Rolling Stone é mar “Albam Hip Hap na Bliana”. Bhí dead prez le cloisteáil ar an amhrán “Get Up”.

Ar 18 Meán Fómhair 2001, d'eisigh Riley preasráiteas a bhí ina ábhar conspóide. Dúirt sé gur “léirigh na heachtraí a tharla an tseachtain seo caite frithfhreagairt níos mó in aghaidh impiriúlachas corparáideach na Stát Aontaithe”.[19] Mar gheall ar an gconspóid a tharraing an preasráiteas, clúdach an albaim, agus liricí éagsúla (go háirithe an t-amhrán “5 Million Ways to Kill a CEO”), cuireadh Riley faoi agallamh ar stáisiúin nuachta áitiúla ar fud na Stát Aontaithe, ar Hannity and Colmes (Fox News), agus ar Politically Incorrect le Bill Maher ar ABC. Rinne an tráchtaire coimeádach Michelle Malkin cur síos ar liricí Riley mar “a stomach-turning example of anti-Americanism disguised as highbrow intellectual expression”.[20]

In 2006, d'eisigh The Coup Pick a Bigger Weapon ar Epitaph Records. Bhí roinnt ceoltóirí mór le rá le cloisteáil ar an albam, Tom Morello, Talib Kweli, Black Thought (ó The Roots), agus Jello Biafra san áireamh.[21]

Comhoibriú le Tom Morello[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2003, thug an giotáraí Tom Morello cuireadh do Riley páirt a ghlacadh sa “Tell Us the Truth Tour”, a bhí ag iarraidh béim a chur ar mhonaplú na meán agus ar na comhaontuithe FTAA a bhí á n-ullmhú ag an am.[22] Ba iad Janeane Garofalo agus Naomi Klein a chuir an seó i láthair, agus sheinn Riley, Morello, Billy Bragg, Steve Earle, Mike Mills, agus Jill Sobule amhráin acústacha.[23][24]

Sa bhliain 2006, chuaigh Morello i dteagmháil le Riley chun banna a bhunú faoin ainm “Street Sweeper”, agus “Street Sweeper Social Club” níos déanaí. D'eisigh siad an chéad albam a bhí acu sa bhliain 2009, agus chuaigh siad ar camchuairt mar thaca leis an albam in éineacht le Nine Inch Nails agus Jane's Addiction.[25] D'eisigh Street Sweeper Social Club an EP The Ghetto Blaster i mí Iúil 2010.

Scannánaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Riley ag obair ar script scannáin dar teideal Sorry to Bother You, spreagtha ag an tréimhse a chaith sé féin ag obair sa tionscal teilemhargaíochta. Chríochnaigh sé an script in 2012.[26] In 2017, bhí sé in ann tús a chur le léiriú an scannáin, agus Lakeith Stanfield, Tessa Thompson, agus Steven Yeun sna príomhpháirteanna.[27] Léiríodh an scannán den chéad uair ag Féile Scannán Sundance ar 20 Eanáir 2018, agus eisíodh in amharclanna sna Stáit Aontaithe é ar 6 Iúil 2018. Tugadh ardmholadh don scannán as an bhfoireann, an coincheap, an script, agus an stiúradh a rinne Riley.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

The Coup[cuir in eagar | athraigh foinse]

Street Sweeper Social Club[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar aoicheoltóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Boots Riley on How His Hit Movie "Sorry to Bother You" Slams Capitalism & Offers Solutions”. DemocracyNow! (17 Iúil 2018). Dáta rochtana: 26 Iúil 2018.
  2. Hughes, Casper (3 Eanáir 2019). “Boots Riley Talks About a Socialist Alternative for Society”.
  3. Lewis, Haley. 2018, July 13. "'The world was making my movie too on the nose': Boots Riley on his directorial debut." CBC News.
  4. 4.0 4.1 Kelley, Robin D. G. (11 Meán Fómhair 2018). “Sorry, Not Sorry”. Boston Review. Dáta rochtana: 14 Feabhra 2019.
  5. 5.0 5.1 "How Boots Riley infiltrated Hollywood" (en). The New York Times Magazine.
  6. "The Lift of Riley". Easy Bay Express.
  7. Rubin, Riley (17 May 2018). "Creative Activism: Conversations on Music, Film, Literature, and Other Radical Arts" (1st ed.): 187–188. USA: Bloomsbury Publishing. ISBN 9781501337239. Dáta rochtana: 20 Eanáir 2021. 
  8. Boots Riley: Activism Before Art” (en-US). PULSE Magazine (2019-02-20). Dáta rochtana: 2019-09-19.
  9. Thorn, Jesse (24 Márta 2020). “Boots Riley: The Coup, Sorry to Bother You, and more”. www.npr.org. Dáta rochtana: 18 Eanáir 2021.
  10. 10.0 10.1 10.2 "Boots Riley Biography Curtha i gcartlann 2023-05-30 ar an Wayback Machine." All American Entertainment. All American Speakers Bureau.
  11. Espinoza, Joshua. 2017 Nollaig 29. "Boots Riley Shares Heartfelt Post Remembering Pam the Funkstress." Complex.
  12. E-40's 'Practice Lookin' Hard' – Discover the Sample Source”. WhoSampled. Dáta rochtana: 11 Eanáir 2017.
  13. Ducker, Jesse (9 Samhain 2018). “The Coup's 'Steal This Album' Turns 20”. www.albumism.com. Dáta rochtana: 18 Eanáir 2021.
  14. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Rep.
  15. Kogan, Frank (6 Samhain 2001). “Party to the People”. www.villagevoice.com. Dáta rochtana: 19 Eanáir 2021.
  16. Pahwa, Nitish (19 Iúil 2018). “A Beginner's Guide to the Music of Sorry to Bother You Director Boots Riley”. www.slate.com. Dáta rochtana: 19 Eanáir 2021.
  17. Album cover of WTC blast pulled”. CNN. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Samhain 2001. Dáta rochtana: 9 Iúil 2018.
  18. The Coup Cover Art”. Snopes (20 Meán Fómhair 2001). Dáta rochtana: 9 Iúil 2018.
  19. Walidah Imarisha (2002). "Another World is Possible". Subway Press. “...last week's events were symptomatic of a larger backlash against U.S. corporate imperialism” 
  20. "Stop giving America a bad rap". Townhall. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 Eanáir 2017.
  21. Newlin, Jimmy (23 Aibreán 2006). “Review: The Coup, Pick a Bigger Weapon”. www.slantmagazine.com. Dáta rochtana: 20 Eanáir 2021.
  22. Katz, Larry (19 Samhain 2003). “Can We Handle the Truth? Audioslave's Tom Morello Talks About Politically Oriented Tour”. www.archive.commondreams.org. Boston Herald. Dáta rochtana: 18 Eanáir 2021.
  23. Braiker, Brian (25 Samhain 2003). “Raging against The Machine”. www.newsweek.com. Dáta rochtana: 18 Eanáir 2021.
  24. Dansby, Andrew (7 Samhain 2003). “Steve Earle Speaks Truth”. www.rollingstone.com. Dáta rochtana: 18 Eanáir 2021.
  25. Kreps, Daniel (28 Aibreán 2009). “Tom Morello's Street Sweeper Social Club Posts First Single”. www.rollingstone.com. Dáta rochtana: 18 Eanáir 2021.
  26. "Boots Riley Mines His Experiences As A Telemarketer In 'Sorry To Bother You'". Fresh Air.
  27. Busch, Anita (15 Meitheamh 2017). “Tessa Thompson, Lakeith Stanfield, Steven Yeun To Star In 'Sorry To Bother You'”. Deadline Hollywood. Dáta rochtana: 27 Meitheamh 2017.