Jump to content

Bonnán cainéaldathach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBonnán cainéaldathach
Ixobrychus cinnamomeus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Meánlíon in ál3.9 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22697323 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdPelecaniformes
FineArdeidae
GéineasIxobrychus
SpeiceasIxobrychus cinnamomeus Cuir in eagar ar Wikidata
J.F.Gmel., 1789
Cineál tacsanomaíochIxobrychus Cuir in eagar ar Wikidata

Bonnan beag an tseandomhain is ea an bonnán cainéaldathachan bonnán donnrua (Ixobrychus cinnamomeus), ag pórú san Áise thrópaiceach agus fhothrópaiceach ón India soir go dtí an tSín agus an Indinéis. Is éan cónaithe é den chuid is mó, ach téann roinnt éan achair ghearra ar imirce ó thuaidh .

I Mangalajodi, Odisha

Is speiceas beag é seo ag 38 cm, cé go bhfuil sé ar cheann de na bonnáin Ixobrychus is mó. Bíonn muineál gearr agus gob measartha fada aige. Bíonn an ceann fireann cainéal go haonfhoirmeach os a chionn agus donnbhuí laistíos. Bíonn an baineann comhchosúil leis ach go bhfuil a cúl agus a baithis donn, agus bíonn na héin óga cosúil leis na baineannaigh ach le stríoca móra laistíos. Nuair a bhíonn ionadh air ar a nead nó má bhíonn imní air, glacann sé leis an sainriocht atá ag bonnáin, ar a dtugtar deasú gardála. Bíonn an muineál sínte go hingearach, ag pointeáil i dtreo na spéire, agus reonn an t-éan agus bíonn sé an-deacair é a fheiceáil i measc na giolcach mórthimpeall.

Tá raon an-mhór ag an speiceas ar fud na hÁise; tá líonta pórúcháin ón India go dtí an Indinéis. Chuaigh fánaithe go dtí an Mhicrinéis, na Séiséil agus an Afganastáin, i measc áiteanna eile. Tá meastacháin daonra domhanda neamhchinnte, ach bíonn idir 130,000 agus 2,000,000 acu ann.[1]

Éiceolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sampla a phéinteáil Elizabeth Gwillim

Póraíonn an bonnán cainéaldathach i giolcarnacha, ag neadú ar ardáin giolcach i toir. Beirtear ceithre go sé ubh. Bíonn sé deacair an speiceas a fheiceáil, mar gheall ar a stíl mhaireachtála cheilte agus a ngnáthóg ghiolcarnach Is gnách áfach go dtagann siad amach ag luí na gréine, nuair a bhíonn siad le feiceáil ag ag gluaiseacht go mall, beagnach cosúil le cat agus iad ag cuardach froganna. Itheann bonnáin feithidí, iasc agus amfaibiaigh.

  1. BirdLife International (2012). "Ixobrychus cinnamomeus". IUCN Red List of Threatened Species. 2012: e.T22697323A40256962. doi:10.2305/IUCN.UK.2012-1.RLTS.T22697323A40256962.en.