Pelecaniformes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Pelecaniformes
Peileacán Astrálach, Doughboy Head, New South Wales, An Astráil
Peileacán Astrálach, Doughboy Head, New South Wales, An Astráil
Aicmiú eolaíoch
Fearann:Eukaryota
Ríocht:Animalia
Fíleam:Chordata
Fofhíleam:Vertebrata
Aicme:Aves
Fo-aicme:Neornithes
Forord:Neoaves
Ord:Pelecaniformes

Ord d'éin uisce mheánmhéide agus mhóra, a bhíonn le fáil ar fud an domhain is ea na Pelecaniformes. Mar a shainmhínítear go traidisiúnta - ach go hearráideach - cuimsíonn siad gach éan a bhfuil a cheithre ladhar go léir scamallach. Tá paiste lom ar a bpíoba (paiste gúlach) ag an gcuid is mó díobh, agus tá na polláirí forbartha ina scoilteanna mífheidhmiúla, ag cur iallach orthu análú trína mbéal. Tá ionga pheictiniúil acu freisin ar a ladhar is faide. Múnlaítear é seo cosúil le cíor agus úsáidtear é chun a gcuid cleití a scuabadh agus a scaradh. Itheann siad iasc, scuid, nó fiadhúlra muirí dá samhail. Neadaíonn siad i gcoilíneachtaí, ach bíonn éin aonair monagamach. Tá na cinn óga altramach, ag goir ón ubh gan chuidiú agus nocht sa chuid is mó. Ní bhíonn paiste goir acu .

Cruthaíonn na peileacáin, na bróg-ghoba agus na cinn chasúir clád laistigh den ord, agus is iad na chéad ghaolta is gaire dóibh ná clád ina bhfuil na corra, na híbisí agus na leitheadaigh. Go traidisiúnta cuireadh na Fregatidae (frigéid), Sulidae (gainéid agus búbaíthe), Phalacrocoracidae (broighill agus seagaí), Anhingidae (sciobairí), agus Phaethontidae (éin trópaice) sna Pelecaniformes, ach tugann staidéir mhóilíneacha agus mhoirfeolaíocha le fios nach dlúthghaolta iad. Tá siad curtha ina n-ord féin, Suliformes agus Phaethontiformes, faoi seach. [1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Jarvis, E.D. et al. (2014) Whole-genome analyses resolve early branches in the tree of life of modern birds. Science, 346(6215):1320-1331. DOI: 10.1126/science.1253451