Jump to content

Bogha (ceol)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Bogha)
Bogha

Uirlis chun gléasanna ceoil cosúil leis an veidhlín a sheinm, bata adhmaid is faid róin ceangailte idir an dá cheann. I mboghanna luatha bhíodh an bata cuartha amach ón rón, agus an rón i ngreim ag méara na tseinnteora chun é a choimeád rite. De réir a chéile rinneadh boghanna níos dírí chun an teannas sa rón a mhéadú, agus ó timpeall 1700 ar aghaidh dhéantaí an teannas a mhionathrú le cnó beag (teanntóir) ag ceann íochtarach an bhogha. Sa bhogha nua-aoiseach bíonn bata cuasach cnagtha go láidir, le cnó so-mhionathraithe, a thug an déantóir Francach boghanna François Tourte (1747-1838) chun foirfeachta is caighdeáin timpeall 1785.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bogha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 81.