Bob Burke
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Meán Fómhair 1940 |
Bás | 4 Aibreán 2020 79 bliana d'aois |
Uachtarán North American Association for Celtic Language Teachers | |
2013 – 2015 | |
Áit chónaithe | Camas |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | fiaclóir, múinteoir teanga |
Fostóir | Ollscoil Marylhurst Cabhlach na Stát Aontaithe |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Múinteoir Gaeilge Meiriceánach agus ball gníomhach den eagraíocht NAACLT ab ea Bob Burke (18 Meán Fómhair 1940 – 4 Aibreán 2020).
Chaith Bob an chuid is mó dá shaol fásta ag obair mar fhiaclóir i ngar do Baltimore, Maryland. Oileadh é mar fhiaclóir nuair a bhí sé i gCabhlach na Stát Aontaithe sna 1960idí. Bhí suim aige i gcónaí ina oidhreacht Éireannach, ach níor thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge go dtí go raibh beagnach leathchéad bliain slánaithe aige.[1] Is minic a ghlac sé páirt i gceardlanna do mhúinteoirí a reáchtáil Daltaí na Gaeilge in Esopus, Nua-Eabhrac. Nuair a bunaíodh NAACLT in 1995, ghlac Bob páirt ghníomhach san eagraíocht, agus bhí sé i láthair ag beagnach gach comhdháil de chuid na heagraíochta. In 2015, d'eagraigh sé an chomhdháil bhliantúil in Portland, Oregon.
Tar éis dó dul ar scor ón obair fiaclóireachta in 2002,[1] bhog Bob agus a bhean chéile go Camas, Washington, i ngar do Portland. Thosaigh Bob ag múineadh na Gaeilge ag deirí seachtaine in Portland agus áiteanna eile timpeall na Stát Aontaithe. Mhúin sé ranganna Gaeilge i gColáiste Clark in Vancouver, Washington, i gColáiste Pobail Portland, agus in Ollscoil Marylhurst.[2]
Bhí Bob ina oifigeach de NAACLT go minic thar na blianta:
- Rúnaí/Cisteoir 1998-2000
- Uachtarán 2002-2003
- Cisteoir 2008-2011
- Leas-Uachtarán 2012-2013
- Uachtarán 2013-2015
Fuair sé bás ar an 4 Aibreán 2020.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Andúil sa Ghaeilge!". Beo! (2003). Dáta rochtana: 2024-02-05.
- ↑ "Sean-nós Northwest 2013" (2013). Dáta rochtana: 2024-02-05.