Bhí an Rí Éadbhard I Shasana i mbun feachtais in aghaidh na Fraince i bhFlóndras nuair a d'fhoghlaim sé faoi theip a arm tuaisceartach ag Cath Dhroichead Sruighle. Tar éis sos cogaidh a chur i gcrích le Pilib IV na Fraince, d'fhill sé ar Shasana i Mí Márta na bliana 1298 agus chuir sé tús láithreach le heagrú arm i gcomhair a dhara ionradh ar Albain. Mar réamh-chéim, bhog sé lár a rialtais go dtí Eabhrac, áit a raibh sé lonnaithe ar feadh sé bliana. I mí Aibreáin, d'eagraíodh comhairle chogaidh sa chathair chun sonraí an ionraidh a thabhairt chun críche.
cuireadh toghairm ar móruaisle na nAlbanach go léir a bhí i láthair, agus nuair nár tháinig siad fógraíodh iad dtréatúirí. D'ordaigh Éadbhard go mbaileodh a chuid arm le chéile ag Rosbrog ar an 25 Meitheamh. Bhailigh se fórsa mórthaibhseach : os cionn 2,000 capall agus 12,000 coisithe, lena n-áirítear buíon ollmhór Breatnach a bhí armtha leis an mbogha fada.
Go luath i mí Iúil, thosaigh an mórshiúil ó thuaidh. Nior chuaigh rudaí go maith. Bhí polasaí an rualoiscthe ordaithe ag Uilleam Uallas, a d'fhág na hionróirí gan soláthairtí úra. Ghéill na hAlbanaigh talamh roimh fhorsai an Ri Éadbhardh, ag tarraingt iad níos doimhne isteach i gcríoch aimride agus naimhdeach. Cuireadh moill ar chabhlach Éadbhaird féin mar gheall ar dhrochaimsir, agus nuair a shroich an arm lár na hAlban bhí sé gar do ocras. Bhí na coise ón Bhreatain Bhéag ach go háirithe in ísle brí. Nuair a bhí an arm lonnaithe ag Teampaill Liston, in aice Dún Éideann, thit círéib ólta amach ach chuir marcshlua na Sasanach é faoi chois, agus fágadh 80 Breatnach marbh.
Bhí an dóigh ann go mbeadh cúlú uiríslithe in ann d'Éadbhard mar a mbeadh go rialta ag a mhac i bhfeachtais ina dhiaidh sin. Nuair a bhí sé ar an bpointe filleadh ar ais go Dún Éideann, fuair sé amach go raibh Uallas lonnaithe i lár coille Challendar in aice leis an Eaglais Bhreac, trí mhíle déag ar shiúl, réidh chun sa dul sa tóir ar na Sasanaigh ag cúlú. Bhí áthas ar Éadbhard