Bitseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is madra baineann é bitseach, nó baineannaigh ainmhithe eile den fhine Canidae.

Baintear úsáid as an fhocal freisin mar théarma maslach nó díspeagach ar dhuine, bean de ghnáth, ach is féidir é a úsáid chun tagairt a dhéanamh d'fhir agus do mhná araon. Is minic a úsáidtear téarmaí comhchosúla eile, leithéidí; scubaid, raicleach, cailleach. Nuair a chuirtear i bhfeidhm é ar bhean nó ar chailín, ciallaíonn sé duine atá trodach, míréasúnta, mailíseach, rialaitheach, ionsaitheach nó ceannasach. Nuair a chuirtear i bhfeidhm é ar fhear nó ar bhuachaill, aisiompaíonn a bhrí agus is téarma dímheasúil é as a bheith íochtarach, lag, nó cladhartha.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]