Jump to content

Bernard O'Dowd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBernard O'Dowd

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Aibreán 1866
Beaufort, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Meán Fómhair 1953
87 bliana d'aois
Melbourne, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

File Astrálach de shliocht Éireannach, radacach agus dreáchtaitheoir parlaiminte ba ea Bernard Patrick O’Dowd (1866 – 1953). Bhí Gaeilge aige, cé nár scríobh sé inti riamh, agus d’fhág seanscéalta na nGael a rian air. Chleachtadh sé friotal casta ardnósach ina chuid filíochta nach dtaitneodh le gach duine, ach tá sé áirithe ar fhilí suntasacha Astrálacha a linne.

Rugadh O’Dowd ar 11 Aibreán 1866 i mBeaufort in Victoria na hAstráile do Ann Dowell (née Mulholland) agus don chonstáble Bernard Dowd. B’as Cúige Uladh dá mhuintir agus bhí siad sáite in fhinscéalaíocht na hÉireann. Murab ionann is an chuid eile den chlann, níor cuireadh oideachas Caitliceach ar O’Dowd, ó bhíothas ag súil go bhfaigheadh sé scoláireacht stáit, rud a rinne sé.[1]

Bhí ar O’Dowd Ollscoil Melbourne a fhágáil nuair a gortaíodh a athair. Tairgeadh post dó mar mhúinteoir i scoil Chaitliceach in Ballarat, ach tugadh bata agus bóthar dó de bharr a mheoin dhí-eaglaisígh. Sa bhliain 1884 chuir sé scoil dá chuid féin ar bun in Beaufort. Sa bhliain 1885 d’éirigh leis sna scrúduithe státseirbhíse agus chuaigh sé isteach in Oifig an Aturnae Chorónaigh in Melbourne. Sa bhliain 1888 d’fhill sé ar an ollscoil, áit ar ghnóthaigh sé céim BA sa bhliain 1891 agus céim LLB sa bhliain 1895.[1]

Bhí baint ag O’Dowd leis an iliomad cumann radacach, fealsúnach, dí-eaglaisíoch nó liteartha. Bhí an-spéis aige i saothar Walt Whitman agus scríobhadh sé chuige. Phós sé Evangeline Mina Fryer sa bhliain 1889 agus chuir siad grúpa díospóireachta ar bun ina dteach in Carlton.[1]

Thosaigh sé ag scríobh píosaí do The Bulletin, iris náisiúnach Astrálach, sa bhliain 1894. San iris sin a foilsíodh “Australia,” an dán is cáiliúla aige, agus bhuail sé le cúpla file eile ann. Orthu sin bhí Marie Pitt, bean a ndeachaigh sé léi sa bhliain 1920.[1]

Sa bhliain 1897 d’fhoilsigh O’Dowd agus roinnt cairde an chéad eagrán den Tocsin, iris radacach sheachtainiúil a bhain leis an United Labor Party. Scríobhadh sé colún di. Chuir sé i gcoinne Chogadh na hAfraice Theas agus bheartas na hAstráile Báine (beartas nár cheadaigh do dhaoine neamh-Eorpacha teacht i dtír). Bhí sé orthu siúd a bhunaigh Páirtí Sóisialach Victoria sa bhliain 1905.[1]

D’fhoilsigh sé Downwards sa bhliain 1903 agus ceithre leabhar eile faoin mbliain 1912. Sa bhliain 1909 d’fhoilsigh sé ráiteas cuspóirí fileata, Poetry Militant, á fhógairt gurb é an file an té is fearr agus is údarásaí a chum déithe agus miotaseolaíochtaí riamh. Bhí suim aige féin riamh i bhfinscéalta na nGael, rud a d’fhág a rian ar a shaothar. Is é an dán is tábhachtaí dár chum sé “The Bush,” saothar fada a chuireann in iúl go bhfuil tírdhreach na hAstráile lán de bhrí fháidhiúil:

She is the scroll on which we are to write
Mythologies our own and epics new:
She is the port of our propitious flight
From Ur idolatrous and Pharaoh’s crew.
She is our own, unstained, if worthy we,
By dream, or god, or star we would not see:
Her crystal beams all but the eagle dazzle.
Her wind-wide ways none but the strong-winged sail:
She is Eutopia, she is Hy-Brasil,
The watchers on the tower of morning hail! (Sliocht as “The Bush”.)

Scríobh sé a lán leabhar dlí agus sa bhliain 1913 rinneadh an chéad dréachtaitheoir cúntach parlaiminte de. Ba é dréachtaitheoir parlaiminte Stát Victoria é ó 1931 go dtí 1935. Sa bhliain 1934 dhiúltaigh sé do ridireacht, cé nár chuir sé é seo in iúl go forleathan. Bhí ina chinsire cumarsáide i rithe an Dara Cogadh Domhanda. Ar éigean a bhí sé ag scríobh filíocht faoin am sin ach lean sé air ag léamh a chuid dánta go poiblí, agus tháinig eagrán iomlán díobh amach sa bhliain 1941.[1]

Fuair sé bás ar 1 Meán Fómhair 1953 agus créamadh é le deasghnáth Úinitéireach. Mhair a bhean chéile ina dhiaidh (bean a chothaigh sé riamh d'ainneoin an choimhthithe) agus cúigear mac.

  • [1] O’Dowd, Bernard Patrick (1866 – 1953: Australian Dictionary of Biography
  • Kennedy V. and Palmer, N. (1954). Bernard O’Dowd. Melbourne.
  • Murdoch, W. (1944). The Poems of Bernard O’Dowd. Melbourne.
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 Chris Wallace-Crabbe, "O'Dowd, Bernard Patrick (1866–1953)," Australian Dictionary of Biography: http://adb.anu.edu.au/biography/odowd-bernard-patrick-7881