Beothuk

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Creidtear gur portráid de Shanawdithit í seo. William Gossell a rinne í sa bhliain 1841: "A female Red Indian of Newfoundland".

Ba iad na Beothuk (biˈɒθʊk) bundúchasaigh Thalamh an Éisc nuair a tháinig na hEorpaigh sa 15ú haois agus sa 16ú haois. D’imigh siad in éag go hoifigiúil nuair a fuair bean darbh ainm Shanawdithit bás sa bhliain 1829.

Thosaigh a gcultúr timpeall na bliana 1500. Dealraíonn sé gur tháinig a sinsir ó Labradar chun Talamh an Éisc timpeall 1 RC agus gur chuir siad siúd trí thréimhse chultúrtha díobh. Nuair a rinneadh tástáil DNA ar iarsmaí daoine de chuid na mBeothuk sa bhliain 2007 rinneadh amach go raibh gaol acu leis na Mi'kmaq (treibh eile ón réigiún), rud a fhágann gur cosúil go raibh gaol idir teangacha an dá phobal freisin.

B’fhéidir nach raibh ann ach timpeall 700 duine acu nuair a tháinig na hEorpaigh, agus iad ina gcónaí ina bhfinte a raibh idir tríocha agus caoga duine iontu. Thógaidís botháin choirceogacha agus d’ithidís bradáin, rónta agus carabúnna. Bhí siad an-tugtha d’úsáid an ócair agus chuiridís na mairbh le deasghnátha casta.

Is dócha gurb iad na rudaí a leanas ba mhó ba chiontaí lena n-imeacht in éag:

  • gan teacht a bheith acu ar phríomhfhoinsí bia, agus iad ag déanamh coimhlinte le hInuit, le Mi'kmaq agus le hEorpaigh chuige;
  • galracha tógála nach raibh díonacht acu orthu, dála na bolgaí;
  • an eitinn a bheith ar an oiread sin díobh;
  • iad a bheith ag troid le gaisteoirí, le lonnaitheoirí agus le bundúchasaigh eile.

Fógraíodh sa bhliain 1829 gurbh é bás Shanawdithit deireadh an phobail, ach tá fianaise ann gur mhair cuid díobh ina dhiaidh sin, agus tá daoine de shliocht measctha anois ann.