Benny Lewis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBenny Lewis
Beathaisnéis
BreithÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfluentin3months.com Cuir in eagar ar Wikidata

Duine Éireannach ilteangach a labhraíonn agus a scríobhann faoi fhoghlaimeoireacht na dteangacha atá in Brendan Richard “Benny” Lewis (Gaeilge: Breandán Ó Laobhais). Leasainm a thugtar air go minic ná “the Irish Polyglot’’ nó “an Gael Ilteangach” (ní fhéadfaí “Gael na seacht dteangacha” a thabhairt air mar tá breis is deich gcinn aige). Rugadh agus tógadh sa Chabhán é.[1]

D’oileadh san innealtóireacht leictreonach é agus chaith sé tamall ag obair sa Spáinn agus i bPáras na Fraince. Thosaigh sé ag taisteal ansin i gcéin agus i gcóngar. Rinne sé obair aistriúchán ón bhFraincis agus a lán oibre eile lena chuid a shaothrú.

Ag obair sa Spáinn dó, chaith sé sé mhí ag iarraidh Spáinnis a fhoghlaim, ach chuir na gnáthmhodhanna foghlamtha frustrachas air. D’fhorbair sé cur chuige nua bunaithe ar labhairt an dara teanga go luath sa phróiseas foghlamtha. Míníonn sé conas a dhéantar é sin ag a shuíomh idirghréasáin agus ina leabhar sin aige, Fluent in 3 Months.[2] Thug sé léacht TEDx faoi dhó faoin ábhar céanna. “Taistealaí na bliana” a bhaist National Geographic air i 2013.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Gael Ilteangach", agallamh le Benny Lewis a rinne Seosamh Mac Muirí, Beo, eagrán 138, Deireadh Fómhair 2012. Dáta rochtana, 22 Iúil 2015
  2. Lewis, Benny (2014-03-11). Fluent in 3 Months. HarperCollins Publishers. ISBN 978-0-00-755675-5.
  3. Stone, George W. (4 October 2013). "Traveler of the Year: Benny Lewis". National Geographic. Dáta rochtana: 15 Lúnasa 2022. Lewis is a self-described 'language hacker'...

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíomh Benny Lewis, arna rochtain ar 22 Iúil 2015