Bellini

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clann péintéirí as Veinéis is ea Bellini. Ní mhaireann mórán de shaothar Jacopo Bellini (c 1400-1470). Rinne mac leis, Gentile Bellini (c 1429-1507) cuid mhaith portráidí, agus tá cáil ar leith ar a phortráid den Sabhdán Mahamad II. Ba é an péintéir Veinéiseach ab fhearr dá aois mac eile leis, Giovanni Bellini (c 1430-1516). Rinne seisean an-chuid saothar reiligiúnda, agus roinnt ar théamaí págánacha: mar shampla, Festino degli dei (Féile na nDéithe, 1514). Leag sé amach stíl nua péintéireachta Veinéisí, le béim ar dhathanna is solas, agus lean a dhaltaí Giorgione is Tiziano léi ina dhiaidh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bellini". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 71.